Sunday, December 12, 2010

Slí Amach

An tír faoi bhrat folaigh...

deacair an cosán romhainn a fheiceáil...

ach, le teacht na gréine...

nochtfar an tslí.
.

5 comments:

  1. Le teacht na gréine anseo i mBaile Átha Cliath tá an sneachta mar leac oighir anois agus tá sé níos doilí ná an sneachta chun siúl air

    ReplyDelete
  2. A héirí, gan amhras!

    Sílim gur meafar a bhí i gceist ag Áine, Neidí.
    Chaith mé féin bunús maidin inné ag streachailt leis an leac oighear thart ar an teach, ag nochtadh an cosán. Thit mé inné freisin don gcéad uair sa bhabhta seo.

    Beidh mé breá sásta deireadh an reolaigh a fheiceáil.

    ReplyDelete
  3. B'fhéidir gur meafar a bhí i gceist ag Néidí, freisin...

    ReplyDelete
  4. Feicim go bhfuil an ghile in uachtar sna grianghraif áille thuas!

    Faighimid roinnt mhaith sneachta abhus gach bliain. Tá sos dhá lá againn faoi láthair sara leanfaidh sé ar aghaidh arís má chreidtear tuar na haimsire.

    Is breá liom an sneachta i ndáiríre nuair a bhíonn sé úr. Rud eile ar fad é nuair a bhíonn sé tiontaithe ina leac oighir agus ag fuarú na gaoithe ag séideadh thar a dhroim.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.