An tír faoi bhrat folaigh...
deacair an cosán romhainn a fheiceáil...
ach, le teacht na gréine...
nochtfar an tslí..
Me-thuiscintí uilig atá anseo.
An tír faoi bhrat folaigh...
deacair an cosán romhainn a fheiceáil...
ach, le teacht na gréine...
nochtfar an tslí.
Nára fada uainn a heirí!
ReplyDeleteLe teacht na gréine anseo i mBaile Átha Cliath tá an sneachta mar leac oighir anois agus tá sé níos doilí ná an sneachta chun siúl air
ReplyDeleteA héirí, gan amhras!
ReplyDeleteSílim gur meafar a bhí i gceist ag Áine, Neidí.
Chaith mé féin bunús maidin inné ag streachailt leis an leac oighear thart ar an teach, ag nochtadh an cosán. Thit mé inné freisin don gcéad uair sa bhabhta seo.
Beidh mé breá sásta deireadh an reolaigh a fheiceáil.
B'fhéidir gur meafar a bhí i gceist ag Néidí, freisin...
ReplyDeleteFeicim go bhfuil an ghile in uachtar sna grianghraif áille thuas!
ReplyDeleteFaighimid roinnt mhaith sneachta abhus gach bliain. Tá sos dhá lá againn faoi láthair sara leanfaidh sé ar aghaidh arís má chreidtear tuar na haimsire.
Is breá liom an sneachta i ndáiríre nuair a bhíonn sé úr. Rud eile ar fad é nuair a bhíonn sé tiontaithe ina leac oighir agus ag fuarú na gaoithe ag séideadh thar a dhroim.