Thursday, December 30, 2010

An 'Sea' Anseo!

Ritheann Abhainn an Mhuilinn ar chúl tí s'againne. Cé nach féidir Ceann Scríbe a fheiceáil sa ghrianghraf thuas, tá ráillí an tí le feiceáil, ar éigean, trí shúil an droichid, an tsúil droichid ar dheis.

Thóg mé an grianghraf thuas, an tseachtain seo caite. Bhí an t-uisce reoite go hiomlán, beagnach.

Thóg mé an grianghraf seo ar maidin. I bhfocail an Gharraíodóra, tá an 'sea' anseo!

Daoibhse nach dtuigeann an chaoi a munlaíonn An Garraíodóir focail Ghaeilge le focail Bhéarla, The Irish Yes, atá i gceist leis an 'sea' sin - Sea=Tá=Thaw!

Sa ghrianghraf thuas, a tógadh an tseachtain seo caite freisin, tá an seanmhuileann sa chúlra.

Is féidir na fothracha a fheiceáil sa ghrianghraf thíos, chomh maith, grianghraf a tógadh, ón spota céanna, gar go maith, ar maidin inniu.

Tá na coinlíní reo, agus an t-oighear uisce, uilig imithe anois. Thaw, gan dabht!
.

3 comments:

  1. Uisce ós cionn talún. Gach áit, seachas sna sconnaí....Thaw, muis.

    ReplyDelete
  2. Is breá liom pictiúir “roimh” agus “i ndiaidh” mar sin!

    ReplyDelete
  3. Thaw uisce sna sconnaí anseo, a Aonghuis!

    Is breá liomsa iad freisin, a Dennis...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.