Thursday, December 9, 2010

Cute agus Ciontach

Faoin bpodchraoladh ‘Budget 2011 – Olivia O’Leary’, éist le focail Olivia anseo, agus cloisfidh tú an méid a bhí le rá aici, inné, ar Drivetime.

Ansin, más mian leat, féach ar an bhfíseán seo.

Ná déanaimis dearmad cé, agus céard, is cúis leis an bpraiseach ina bhfuil an tír seo i láthair na huaire.

Is minic cute ciontach.
.

4 comments:

  1. Tá sí ag éirí an-suaite faoin bheirt! Ach cad faoin 78 eile? Lucht Fianna Fáil go léir?
    Ní raibh sé riamh de nós ag foireann RTÉ Fianna Fáil a cháineadh go tréan is dóigh.
    Cá raibh sí lena cáineadh le cúpla bliain anuas?

    ReplyDelete
  2. Bíonn sí ag labhairt go rialta ar Drivetime.

    Is minic a chuala mise í ag labhairt thar na blianta, a Dhubhaltaigh, ach ní cuimhim liom í bheith claonta.

    An méid sin ráite, ní raibh mé ar thóir a claontachta, ach ag éisteacht lena tuairim.

    ReplyDelete
  3. Ní dtuigeann FF céard a rinné sí mícheart. Úsáid Miriam O'Callaghan an focal "mismange" do Bhrian Cowen roinnt uair ar Prime Time i rith na seachtaine ach níor chuala mé iriseoir riamh ag insint dóibh go raibh ár ngeilleagar ag brath go mór-mhór ar airgead ón earnáil tógála nuair a raibh Bertie Ahern mar Taoiseach agus Brian Cowen mar Aire Airgeadais. Is léir go gceapann formhór na ndaoine áfach go nach raibh siad go maith, de réir na pobalbhreitheanna ar aon nós.

    ReplyDelete
  4. @ 'Ní dtuigeann FF céard a rinné sí mícheart.'

    Táim den bharúil, a Darren, go bhfuil go leor den phobal a d'aontódh leis an ráiteas sin, agus níos mó arís nach maith leo an easpa tuisceana sin.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.