Thursday, December 30, 2010

ah sure...

Níl aon aithne agam ar Lorraine, ach tháinig mé ar a blag, trí thimpiste, agus mé ar thóir oidis le haghaidh spionáiste.

Bhí sé i gceist agam giota a scríobh faoin staid ina bhfuil an tír seo faoi láthair, ach ní dóigh liom gur gá dom anois, ó tharla go bhfuilim den bharúil go bhfuil gach rud ráite ag Lorraine sa mhír seo uaithi.

Tosaíonn an mhír ‘a rant and a recipe’ leis an 'rant',

‘Times are very strange here in Ireland at the moment as you all well know…’,

agus críochnaíonn sí an 'rant' leis na focail,

I won’t be beaten by this crazy “ah sure” attitude and will continue to try to grow even in these crazy times…..

Nár laga do Ché tú, a Lorraine!

Dá mbeadh tusa i do pholaiteoir, is duitse a thabharfainn mo vóta, mar gur dóigh liom go bhfuil a fhios agam céard a dhéanfadh do leithéid le péint, agus ní ar dhaoine a bheadh tú á caitheamh.
.

3 comments:

  1. Ba chóir athrú litrithe a chur ar "ah sure" - "ah shur" Ní chiallaíonn 'sure' 'sure' sa chomhthéacs i mBéarla na hÉireann. Ná ní fhuaimnítear 'sure' i 'ah sure' mar 'sure' ach an oiread.

    Nílim 'sure' an bhfuil an paragraf thuas soiléir, ah but shur 'twill do.

    ReplyDelete
  2. Tá sé soiléir, siúráilte, a Mhíshásta!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.