Wednesday, November 24, 2010

Srianadh

Chomh luath agus a dúirt Brian Cowen, ‘try and rein her in now and again’ le hEamon Gilmore, bhí a fhios agam go mbeadh an ráiteas sin le feiceáil agam sna meáin, arís, agus arís eile.

Ar dhírigh Brian Cowen a ghearrchaint i dtreo Joan Burton cionn is gur bean í? Níl a fhios agam. Ní hé sin an smaoineamh a rith liom féin, caithfidh mé a admháil. Ach, tharraing an focal sin ‘rein’ m’aird, chomh luath agus a chuala mé é ag teacht as béal Bhrian Cowen.

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach is dóigh liom go bhfuil baint nach beag ag an bhfocal sin le fadhbanna na tíre seo. Thar na blianta, tá sé cloiste againn go raibh a fhios aige seo, nó aige siúd, go raibh seo nó siúd ag tarlú, ach ní dúirt aon duine a dhath. Ní dúirt aon duine ‘Stop! Níl sé seo ceart!’

Bhí srian curtha orthu ag eaglais, nó ag stát, nó ag páirtí, nó ag comhlachtaí, nó ag comhghleacaithe; srian curtha orthu le rialacha neamhscríofa dothuigthe, shilfeá.

Tá sé fós ag tarlú, mar is léir ó fhocail Bhrian Cowen. Tá an fhuip ag fuipeáil. Tá an srian ag srianadh. Sin ár bhfadhb sa tír seo.

Cá bhfaighidh muid rialtas nua nach mbeidh srian curtha ar an bhfírinne, ná fuip ag fuipeáil?
.

4 comments:

  1. Ar dhírigh Brian Cowen a ghearrchaint i dtreo Joan Burton cionn is gur bean í?

    Tá amhras orm fhéin faoi sin; agus tá amhras orm go ndearna sé leis cúis na mban é sin a chuir ina leith.

    Ceist dheacair an cheist: bíonn Teach na Dála ina amharclann seafóide de bharr an trasnáil pháistiúil ón dá thaobh agus daoine ag iarraidh caint - ach baineann sin leis an gá dul i bhfeidhm ar na meáin arbh aoibhinn leo an nóiméad youtube.

    ReplyDelete
  2. @ 'trasnáil pháistiúil ón dá thaobh'

    Sin mar a fheicim féin é, go minic, a Aonghuis.

    Cé nach ar an ábhar ar leith seo a labhair sé ag an am, cuireann focail an íobartaigh, ag deireadh an ailt seo, ceist eile i gcuimhne dom.

    'Where were all the good people?'

    ReplyDelete
  3. Agus ar chuir go leor daoine an cheist tábhachtach siúd: cá as an t-airgead go léir?

    Nó: an mbeidh orainn é a íoc ar ais lá éigin?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.