Friday, November 26, 2010

Óglachas Geilleagrach

Táim buíoch díot, a Dhubhaltaigh, as m’aird a tharraingt ar an dá fhíseán a luaigh tú i do bhlagmhír inné, an dá ‘bhlast ón phast’ sin, atá le fáil ar an suíomh seo.

Más mian libh an rud sin ‘economic manhood’ a thuiscint, a léitheoirí, éist leis an bhfíseán seo ón mbliain 2000, faoin teideal ‘Ireland's Taoiseach Bertie Ahern rejects ESRI Economic Advice, March 2000’, agus cloisfidh sibh céard a bhí le rá ag Bertie, Charlie McCreevy, agus Mary Harney, ag an am.

Ach, go háirithe, éist leis an méid a bhí le rá ag John Fitzgerald ón Economic Social and Research Institute ar an bhfíseán sin. Bunaíodh an ESRI caoga bliain ó shin agus, dar leo, ‘Our main focus is research on economic and social change in Ireland in the new global context.’

Ar éist aon duine leis an gcomhairle a thug an ESRI don rialtas i 2000? Tá freagra na ceiste sin le fáil ón bhfíseán thuasluaite, a chairde.

Ó, agus féach, freisin, ar mo dhuine atá le feiceáil ag siúl taobh le Bertie san fhíseán. Tá an chuma ar Bhertie agus ar Bhrian nach raibh imní dá laghad ar an mbeirt acu, shilfeá.

Ansin, más mian libh, caithigí súil ar an bhfíseán eile seo ó 1998, ‘blast’ eile ‘ón phast’. Sórt tuar tubaiste, meas tú?

Pé scéal é, b'fhéidir go míneoidh láithreoir an fhíseáin cúpla rud daoibh faoinár ‘óglachas geilleagrach’, a léitheoirí. Sea.
.

4 comments:

  1. Dar le Bertie, bhí ár "economic manhood" i mbaol. Saineolaithe ag an rialtas, agus neamhaird iomlán tugtha dóibh.

    Ní mór dúinn an córas a athrú, ionas nach dtarlóidh a leithéid de 'cheannaireacht' go deo arís.

    ReplyDelete
  2. Caithfear rud éigin a dhéanamh, gan dabht, ach céard? Agus cé a dhéanfaidh é?

    ReplyDelete
  3. Ní dóigh liom go raibh mórán daoine ceanúil ar an uasal Mac Gearailt ag an am. Ba bheag an ráchairt, déarfainn, i measc an phobail féin ar ráitis a bhí ag teacht trasna ar an atmaisféar cóisireach ag an am.

    Ach nach dualgas an rialtais é léirmheas stuama a dhéanamh ar chúrsaí beag beann ar an atmaisféar sa phobal agus gan neamhaird mhaslach phoiblí a thabhairt dá gcomhairleoirí féin?

    Murab ionann agus móramh an phobail, áfach, fanfaidh na daoine siúd feadh a saoil, mar atá Ahern, Harney & co, san áit ar chuir an Tíogar Ceilteach iad: ar mhuin na muice.

    ReplyDelete
  4. @ 'Ach nach dualgas an rialtais é léirmheas stuama a dhéanamh'

    Sin mar a shílfeá, a Ormondo, ach is cosúil nach mar sin a tharla, faraor.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.