Thursday, November 11, 2010

An Ghné Dhearfach

Nuair a léigh mé Foinse na seachtaine seo, bhain mé sult as focail Dháithí Uí Shé, focail a roinn sé linn ar leathanach a trí, faoin teideal ‘Is foinse inspioráide dúinn ar fad fuinneamh Crystal Swing.’

Dar le Dáithí ina alt, bhí sé ‘chun díriú ar ghné dhearfach don saol seo..,’ agus ba iad Derek, Dervla agus Mary ó Crystal Swing, an ‘ghné dhearfach’ sin.

Baineann siad sult as a mbíonn ar siúl acu..’ iad fuinniúil, gealgháireach, dar leis, daoine a thugann ardú meanman do ‘gach éinne a bhíonn ag féachaint ortha.’

Cén dochar a bheadh ann dúinn iarracht a dhéanamh an rud sin a ‘ardaíonn’ muid, an rud sin, i bhfocail Dhaithí, 'a bhí againn ar fad ach a chaill an-chuid againn ar chúis amháin nó ar chúis eile', cén dochar a bheadh ann dúinn iarracht a dhéanamh an rud sin 'a fháil ar ais', agus, más féidir é ar chor ar bith ar na laethanta cliseacha seo, díriú ar ghné dhearfach éigin inár saol?

Dá mbeadh rogha agam bheith i gcomhluadar Derek, nó, abair, bheith i gcomhluadar duine a bheadh páirteach ina leithéidí seo, nó ina leithéidí seo, nó ina leithéidí seo, tá a fhios agam cé leis a mbeinnse ag swingáil.

Fág seo, a Derek, luascaimis linn, a chroí…
.

2 comments:

  1. Sin agat é go díreach!

    Agus ná bíodh imní ort, a chara. Bhí acmhainn mhaith mharthanais ag na Gaeil riamh. Murab é, ní bheimis ar an bhfód feasta.

    ReplyDelete
  2. Scríobh mé dán le déanaí, don Chúirt Filíochta i gCill Airne, a Ormondo, faoin 'achmhainn mhaith mharthanais' sin, mar sin, aontaím leat...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.