Wednesday, October 6, 2010

In Ainm an Athar

Bhí mé ag éisteacht le clár ar an raidió an tseachtain seo caite, agus chuala mé an láithreoir ag labhairt le mná a tógadh sa chéad leath den fhichiú haois. Bhí grá agus pósadh faoi chaibidil acu ar feadh scaithimh.

Níl a fhios agam an raibh grá ar bith ann an uair sin…’ arsa foirfeach amháin acu, ‘…bhí tú ag iarraidh bheith pósta agus saol maith a bheith agat….’

Luaigh sí go raibh baint nach beag ag an sagart leis an scéal, go raibh faitíos orthu roimh an sagart; ‘peaca marfach’ a bheadh sa phóg féin, ba dhóigh léi, mura mbeadh tú pósta agus tú páirteach ina leithéid de ghníomh, abair.

Ní ba dheireanaí sa tseachtain, chuala mé scéal faoi bhean, ón aois chéanna, a náiríodh go poiblí ón phuilpid, nuair a saolaíodh páiste di, gan í pósta ar chor ar bith. Cé gur mhian léi, agus lena muintir, an leanbh a choinneáil, níor thug an sagart cead di é sin a dhéanamh.

Arís eile, an tseachtain seo, chuala mé sagart ag tagairt den chúigear a baisteadh ina pharóiste le deireanaí, gan fáinne le feiceáil in aon áit, ‘sadly’, mar a dúirt sé féin.

Cé go raibh sagart lárnach, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, sna scéalta a chuala mé le seachtain anuas, níor chuala mé ainm athar luaite i gceann ar bith acu.

Meas tú, a léitheoir, an bhfuil sochaí na linne seo fós ag íoc go daor as an neamhaird sin?
.

19 comments:

  1. Tá. Agus beidh.

    Sílim féin nach bhfuil an réabhlóid collaíochta tar éis an méid sin buntáiste a thabhairt do mhná seachas fir.

    Is lú fós freagracht na bhfear. Agus uaireanta, agus fear sásta glacadh le freagracht athair, cuirtear cosc ar.

    Íocfar as. Táimid imithe ó drochshaol amháin go drochshaol eile, chomh fada agus a bhaineann le cosaint leanaí.

    ReplyDelete
  2. Ar léigh tú an alt seo http://www.irishexaminer.com/ireland/state-criticised-for-refusing-to-apologise-to-magdalene-women-132531.html

    ReplyDelete
  3. Tá an sprioc ar an teaghlach ina iomláine, níl ar mhná, ná ar fhir, ná ar chlann. Caithfear an teaghlach a briseadh. Tá an teaghlach mar dhúnfort in éadan an oilc i saol na linne seo. Cibé rud a dheánas an jab, an mana acu – colscaradh, frithghiniúint, ginmhilleadh, srl anseo. Caithfear an teaghlach a laghdú anuas don leibhéal aonair.

    ReplyDelete
  4. Muise, cheap mé go raibh ainmneacha na sagart i gceist agat!
    Caithain an fichiú haois déag go díreach? ;-)

    ReplyDelete
  5. @ A Aonghuis, aontaím.

    @ Néidí, go raibh maith agat as m'aire a tharraingt i dtreo an ailt sin. Ní chuireann tada a rinne, nó nach ndearna, an rialtas ón am sin, ná tada a dhéanann, nó nach dhéanann, rialtas an lae inniu fiú, iontas orm a thuilleadh.

    'The vast majority of females who entered or were placed in Magdalene Laundries did so without any direct involvement of the state.'

    Nach suimiúil na focail sin 'direct involvement'? Ní gá 'direct involvement' le freagracht a bheith ag duine as rud, an gá?

    @ a Sheáin, céard is teaghlach ann, i do thuairim?

    Is ionann teaghlach domsa agus an áit ina dtugtar grá agus meas agus cosaint don pháiste, is cuma cé ag atá an páiste sin; fear amháin, bean amháin, beirt fhear, beirt bhan, fear agus bean, deirfiúr, deartháir...

    Maidir leis an alt sin luaite agat, an é Nixon a bhí mar uachtarán an t-am sin?

    @ Séamus

    ASG! Nár laga do Ché do shúil ghrinn!

    Gabh mo leithscéal, a chara. Bhí mé faoi dheifir inné, agus as baile ar feadh an lae, agus níor thug mé an botún sin faoi deara. Maith thú!

    Tá sé ceartaithe anois, go raibh maith agat...:-)

    ReplyDelete
  6. Maidir leis an sprioc, an teaghlach núicléach, mar a déarfaí.

    ReplyDelete
  7. Gan an teaghlach núicleách, mar sin, níl sibhialtacht againn. Sin mo phointe. Tá sibhialtacht ag titim as a chéile.

    ReplyDelete
  8. @Nach suimiúil na focail sin 'direct involvement'? Ní gá 'direct involvement' le freagracht a bheith ag duine as rud, an gá?

    Tá siad freagrach mar nach ndearna siad dada. Bhí siad sásta leis an gcóras

    ReplyDelete
  9. Cén "siad" atá i gceist agat?

    Ghlac an pobal tré chéile leis an gcóras lofa úd.

    Mór an náire dúinn é.

    Ach glacann muid fós le scrios saol leanaí faoi chúram an FSS - agus roinnt céadta leanaí eachtrannacha "ar iarraidh" le blianta beaga anuas.

    Cuid acu díolta le máistir striapach, chun craos collaíochta a shásamh.

    ReplyDelete
  10. Ceapaim féin go bhfuil cúrsaí imithe ó mhaol go mullach.

    Ach braitheann an rath i dtólamh go príomha ar na daoine féin.

    Sa tseanaimsir bhíodh go leor daoine míshásta leis an socrú a raibh siad gafa ann. Ghlacadh roinnt mhaith díobh go socair leis an gcinniúint, nó chreididís nach raibh aon socrú eile d'ionchas dóibh.

    Agus maidir leis an gcuid eile, is dóigh liom go ritheadh na mná orthu isteach sa séipéal agus na fir isteach sa tábhairne.

    Sa lá inniu, bíonn súil ag daoine le saol foirfe agus caitheann go leor acu an rud i dtraipisí a luaithe nach mbíonn cúrsaí go hiomlán de réir a n-ionchas.

    An é go bhfuil an t-anord leithleach tagtha i gcomharba ar an deachtóireacht shaobh?

    ReplyDelete
  11. @cén siad atá i gceist agam?
    an rialtas. Bhí eagla orthu roimh an Eaglas agus ligeadar dóibh cibé rud gránna a bhí siad ag iarraidh a dhéanamh a dhéanamh.

    ReplyDelete
  12. @ 'Tá sibhialtacht ag titim as a chéile.'

    A Sheáin, ón alt sin a luaigh mé, dar le Professor Wolfgang Haak ó Ollscoil Adelaide, tá an teaghlach núicleách 'natural to Homo sapiens'.

    San alt seo ar homo sapiens, feicim na focail 'humans are a cosmopolitan species',

    Agus céard a deirtear in dictionary.com faoin bhfocal sin cosmopolitan = 'free from local, provincial, or national ideas, prejudices, or attachments; at home all over the world.'.

    Ní lia duine ná barúil!

    ReplyDelete
  13. @ 'Ghlac an pobal tré chéile leis an gcóras lofa úd.'

    Ghlac, gan dabht, ach tuigim céard atá i gceist ag Néidí, a Aonghuis, agus d'fhéadfadh go bhfuil an ceart ag Ormondo - ghlac daoine le go leor mar 'chreididís nach raibh aon socrú eile d'ionchas dóibh.'

    Seans go raibh 'eagla' ar dhaoine, ach creidim go raibh go leor acu nach raibh 'sásta' leis an gcóras. B'fhéidir nach raibh siad láidir go leor le seasamh i gcoinne an chórais an t-am sin, am ina raibh an eaglais cumhachtach, agus an rialtas greamaithe leis an eaglais.

    Maidir le 'saol leanaí faoi chúram an FSS', tuigim do bhuairt, a Aonghuis. Ach céard is féidir linne a dhéanamh faoin bhfadhb sin anois, do bharúil, má cheapaimid nach bhfuil ár bpolaiteoirí ag obair a ndóthain ar son cearta an linbh?

    ReplyDelete
  14. An-spéisiúil, a Áine. Aontaím go bhfuil an teaghlach núicleách nádúrtha dúinn. Sílim go bhfuil an claonadh sochaí ag obair in éadan nádúir s'againne. Ní thig linn deireadh a chur leis an teaghlach, ann féin, ach thig linn a ábaltacht a lagú fíorshibhialtacht a forbairt. Is an t-idéal an teaghlach núicleách ba mhaith le roinnt daoine é a briseadh, le hintinn nó gan intinn. Deimhníonn beagnach gach uile táscaire sin. Sin a bhfuil mé a dhearbhú.

    Maidir le cosmopolitan, cad é an rud atá i gceist aige ná go bhfuil muid inár gcónaí ar fud an domhain, in áit páirte den cheantair.

    ReplyDelete
  15. @ 'Deimhníonn beagnach gach uile táscaire sin.'

    Ní lia táscaire ná tuairim...:-)

    ReplyDelete
  16. Ní lia táscaire ná tuairim.

    Furasta le rá, deacair le cruthú, a ulchabhán oíche. :)

    ReplyDelete
  17. Ach céard is féidir linne a dhéanamh faoin bhfadhb sin anois, do bharúil, má cheapaimid nach bhfuil ár bpolaiteoirí ag obair a ndóthain ar son cearta an linbh?

    Sin í an cheist.
    Níl fhios agam.

    An chéad rud: ár ndualgais féin do chlann, cairde agus comharsan a chomhlíonadh.

    An dara rud: brú ar na bpolaiteoirí. Ní fada uainn an Ghortghlanadh.

    Maidir le "eagla roimh an Eaglais": is mithid féachaint níos géire ar an gceist. Feictear dom gur leithscéal atá ansin go minic. Is fíor go ndeachaigh an chléir sa tóir ar dhaoine uaireanta: is minic áfach gur chur an pobal brú ar an gcléir gníomhú. Agus - mar shampla i gcás an scéim Máthair agus Linbh - gur bhain aicmí áirithe úsáid as an Chliarlathas le fail réidh le nithe nár thaitin leo féin.

    Tagann sé ar ais go dtí do chéad cheist. Níor saolaíodh leanbh riamh gan athar a bheith aige. Bhí máithreacha, deirfiúracha agus rl ag na hathair sin. (Monuar, is minic mná céile acu freisin).

    ReplyDelete
  18. @ 'Tagann sé ar ais go dtí do chéad cheist. Níor saolaíodh leanbh riamh gan athar a bheith aige.'

    Sin mo phointe, a chara...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.