Monday, October 4, 2010

Acmhainn Grinn

Bhí mé féin agus Gráinneog i gcomhrá inné, faoin rud sin ar a dtugtar ‘acmhainn grinn’.

Dar léi, agus aontaím léi, níl acmhainn grinn ag chuile dhuine. É sin, nó níl a fhios acu go bhfuil ceann acu, agus, dá bhrí sin, níl a fhios acu céard atá le déanamh acu léi.

Mar sin, ní chloistear iad ag gáire rómhinic. Ní hé go mbíonn siad AGOÍ, fearacht John s’againne, ach b’fhéidir nach dtuigeann siad céard is greann ann, ó tharla gan an acmhainn sin in úsáid acu, an dtuigeann sibh.

Pé scéal é, is cosúil go bhfuil bealaí ann le ‘How to Have a Sense of Humour’ a fhoghlaim.

Caithfidh mé a admháil gur thosaigh mé féin ag gáire nuair a chonaic mé uimhir 3 ar an liosta sin,

'Try laughing when other people do. Get into the habit. Natural laughing may then come to you and will be an automatic reaction when something funny occurs.

Go sábhála Cé sinn, arsa mé féin liom féin, ach dá ndéanfá é sin go rialta, is isteach i dteach na ngealt a chuirfí duine, gan aon agó ná gáire ann!

Ar aon nós, luamar beirt, mé féin agus Gráinneog, físeán an duine a bhí feicthe againn le lá nó dhó, agus a chuir dinglis ar ár n-acmhainn grinn féin.

Seo an ceann a chonaic Gráinneog, agus seo an ceann a chonaic mise, cé gur dóigh liom go gcaithfeá bheith ar an eolas faoi mhodh oibre sheanríomhairí mo linne, le m’acmhainn grinn, i gcás an fhíseáin sin, a thuiscint.

An bhfuil d’acmhainn grinn ag obair, a léitheoir?
.

5 comments:

  1. AGOÍ a bhíos le ceann na Gráinneoige: ach ASG le do cheannsa!

    ReplyDelete
  2. A leithéid de chomhairle:

    If you are in a special situation, such as if you are surrounded by strangers, who you think they want to do bad stuff to you, like kidnapping you, or if you are in a court; then don't try to make it look funny. Making fun of life is good, but in some situations, it might get you and/or others in real trouble.

    In ainm Dé, tá súil agam go bhfuil acmhainn grinn ag na scríbhneoirí. Tá siad ag iarraidh bheith íorónach... nach bhfuil? Nach bhfuil?! :)

    ReplyDelete
  3. Sé a deir mo chéile ná nach baol dúinn beirt fad is atá ar ár gcumas bheith ag gáire fúinn féin is faoin saol.

    ReplyDelete
  4. Is cosúil, a Aonghuis, go bhfuil cuimhne agat féin ar an seanchlóscríobháin sin...:-)

    @ ' Tá siad ag iarraidh bheith íorónach... nach bhfuil? Nach bhfuil?!

    Ceist mhaith, a John!

    A SheáinÓ, tá an ceart ag do chéile, ceapaim...;-)

    ReplyDelete
  5. Tá, más breac chuimhne féin é. Re roimh ríomhairí phearsanta.

    Rud as nítear dearmad air ná chomh hóg is atá an teicneolaíocht seo, atá anois uileláithreach.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.