Wednesday, September 1, 2010

Racht agus Rath an Rachmais

Creid é nó ná creid, tá an clár Winning Streak ag ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód, an mhí seo.

Ar fhaitíos go gceapfadh sibh go bhfuil ‘gaċ uile údar’* agamsa, nó gur mé atá ‘údruiġṫe’*, nó ar fhaitíos go gceapfadh sibh go bhfuil ‘eolas an domhain’** agam, níl, ná baol orm. Mo chluasáin, a léitheoirí, a d’inis an scéal dom, ar maidin, faoi Winning Streak.

Thar na blianta, is dóigh gur chuir an clár sin le saibhreas saoil go leor daoine, ach go háirithe le saol na rannpháirtithe, na gnáthdhaoine ar éirigh leo na ‘three stars’ sonasacha sin a fháil.

Cé nach raibh páirt agam féin sa chlár riamh, is minic a bhreathnaím air, más rud go bhfuilim sa seomra, os comhair na teilifíse ag am a chraolta, an dtuigeann sibh.

Is cuimhin liom clár amháin, feirmeoir ‘páirtaimseartha’, dar leis féin, a bhí mar dhuine den chúigear a bhí ar tí tabhairt faoi pháirt a ghlacadh sa chomórtas ar an gclár, agus bhí sé á chur faoi agallamh ag an láithreoir. Ar mhaithe leis an scéal seo a insint, agus le nach gcuirfear aon duine ná áit in aithne, déarfaimid gur as Baile na mBocht don fheirmeoir. Sea.

Más buan mo chuimhne, agus tá sé blianta ó chonaic mé an clár ar leith seo, sé Derek Mooney, nó b’fhéidir Marty Whelan a bhí ag cur na gceisteanna, é ag iarraidh na hiomaitheoirí ar an gclár a chur in aithne don lucht éisteachta, an dtuigeann sibh.

Mar is eol do chách, ní bhíonn sé, b’fhéidir, ahem… b’fhéidir nach mbíonn sé ró-éasca eolas a ghnóthaí a fháil ón té a bhíonn ag feirmeoireacht, go háirithe más rud go bhfuil an feirmeoir sin ag obair mar fheirmeoir ‘páirtaimseartha’, mar a déarfá, le jab beag eile aige, b’fhéidir, áit éigin eile.

Anois, b’fhéidir go raibh jab beag eile ag an bhfeirmeoir áirithe seo, agus b’fhéidir nach raibh. Nílim cinnte. Bhí sé deacair a rá ón méid eolais nár tugadh.

Cibé scéal é, ní raibh ag éirí rómhaith leis an láithreoir bocht mórán cainte a bhaint as an bhfeirmeoir páirtaimseartha, cheap mé féin, agus, is dóigh liom, le deireadh deas cineálta a chur leis an agallamh strusúil, thosaigh sé ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad iomaitheoir eile, é a rá aige leis an bhfeirmeoir, ‘So, anyway, you’re happy, just working away...’

‘I’m not working away...!’ arsa an bhfeirmeoir, go cosantach, ‘…I’m only working i mBaile na mBocht!’

*********************

* McCionnaith, lch. 671 – 'knows all about everything'
** DeBhladraithe, lch. 450 – 'mine of information'
.

2 comments:

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.