Thursday, September 16, 2010

Phyllis Green

Phyllis Green faoi chúram ospíse. Is foirfeach í, le 90 bliain caite aici ar an saol. Agus, is ‘blogger’ í.

Tá sí an-tinn i láthair na huaire, agus ní féidir léi mórán a dhéanamh, ach, dar léi, ‘‘If I can think, and if I can write, I can really fill a lot of time.’

Thosaigh sí ag blagáil anuraidh. ‘It’s a great way to communicate.’, arsa an bhean chumasach seo.

Nach iontach an rud é go bhfuil an bhlagáil ann dá leithéid, agus dúinne, a chairde, scríbhneoirí agus léitheoirí na mblaganna?

‘When wonderful things happen, you should stop and acknowledge them to yourself, and share them with anyone who will read them.’ a dúirt sí.

Tháinig mé ar scéal Phyllis de thimpiste inniu, agus áthas orm gur tháinig. Éist lena focail dhearfacha ar an bhfíseán anseo, a chairde. Is fiú na ceithre nóiméad a chaitheamh ina cuideachta.

Agus, is féidir a blag a léamh anseo. Maidir lena léitheoirí, bhí an méid seo le rá aici,

‘I just hope that I’ve made enough of an impact that they think of me fondly when I’m gone, and I think they will.’

I will, Phyllis. I definitely will.
.

2 comments:

  1. Á! chuir an tuairisc teilifíse deora lem' shúile. Bean iontach.

    N'fheadar, an ise an blagadóir is sine atá ann?

    ReplyDelete
  2. Níl a fhios agam an í is sine, ach, mar a dúirt tú féin, a Mhíshásta, bean iontach...:-)

    Is aoibhinn liom an líne sin uaithi, 'When wonderful things happen...'

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.