Tuesday, September 28, 2010

Oireachtas na mBlaganna

Scríobhtar Nótaí ar Imill,
bíonn daoine ar bís,
bionn Iris ag Eoghanaigh,
anois is arís.

Bíonn Cin Lae ag Rachtaíl
le cois clé is eite,
Mná Róléannta ag méaráil
ar laptop, gan cleite:-)

Gaeilgeoirí Gaelacha,
Faoi Cheilt nó Faoi Ghruaim,
Cainteoirí Dóchais
le dúchas is stuaim.

An Mháthair úd Thall,
corr athair Abhus,
ag roinnt Smaointe go Fánach
go rialta, le luas!

Bíonn Rann ann go Gágach,
cuid ón Tiománaí Cairr,
focail breactha ar scáileán,
in áit peannaireacht páir.

An Aislingeacht fhileata
an Machnamh faoin saol,
tá Cumainn ag Scríobh
Litríocht S’ainne go fial.

Tá Garraí gan treabhadh,
ó Thuill a’ Rí duais,
bíonn Dialann ag craoladh
gan peaca, gan Drúis.

Tá Carraig Mhór Chasla
le Stádas, gan Chonradh,
an Liathach gan nuachtán,
An Druma gan bualadh.

Níl aon Oileánach Tréigthe
ag Meabhrach ná Naomh,
tá siad gnóthach ag blagáil
ó mhaidin go faoithin.

Measctar Béarla le Gaeilge
don Fhoghlaimeoir bocht,
na Ceachtanna Roinnte
le grásta, gan locht.

Tá ‘Úps!’ agus ‘Úf!
in úsáid gan stró,
an ‘Hmmm...’áil’ mar fhreagra,
an ‘f***’áil’ nó dhó.

Corr ‘ahem’ le feiceáil,
an leithscéal a dhéanamh,
tá ‘In Ainm Chroim!’áil
ag deireadh chorr líne.

An Ghaeltacht gan Imeall,
an Nuacht ann gan neoid,
an tUltach, an Muimhneach,
an Laighneach, An tSeoid;-)

Bíonn Iomhá an Lae ann,
ag soilsiú mar Réalt,
an Forbróir ag feabhsú
Staid Pháistí an State.

Tá léitheoir ag lurk’áil,
a thuairim faoi rún,
ach tá’s ag Statcounter
áit suite a thóin!

Tá daoine ann eaglach,
a n-aithne faoi scáth,
ainm cleite á gclúdach,
Ceilteach faoi Bhláth.

Trí Scáthán go sóiléir
feictear rámhaillí ráiteach,
is bíonn balbháin ag síneadh
a saighead géar go sáiteach.

An Caomhach, an tEorpach,
An Fear sin Inráite,
an Saoi ann, nach daoi ann,
an duine Míshásta:-(

An fealsamh ag foghlaim,
an deachtóir ag deachtú,
an bronntóir ag bronnadh,
an meastóir ag ‘meas tú?’

Bíonn fáilte roimh chách,
briathar preabúil is breithiúnais,
rannpháirtí na bhfocal
i ngréasán bhlag-oireachtais.

***************
Le buíochas, as bhur rannpháirtíocht i mo bhlag, a chairde...:-)
.

22 comments:

  1. Go han-deas,a Áine!

    "Le buíochas, as bhur rannpháirtíocht i mo bhlag"

    - ach ní focal scoir atá sa mhéad sin, a Dhia na trócaire!!!

    "Bíonn Rann ann go Gágach"

    Is amhlaidh go mbíonn!


    Agus cé go rabhas beagáinín i mo thost le déanaí, níorbh é nach rabhas gníomhach sa chúlra!

    Beidh an toradh le feiscint ar ball, le cúnamh Dé.

    Is amhlaidh go bhfuil rud níos téagartha ar na bacáin agam agus táim ag cur na bailchrícha leis faoi láthair.

    ReplyDelete
  2. Wow, mo cheol thú a Áine. Agus míle buíochas leat as fáilte a chur romham agus mo bhlaigín bídeach a chur chun cinn ar do bhlag agus i do thráchtanna, a bhí spreagúil i gcónaí. Mothaím chomh bródúil sin ainm mo bhlaig a léamh sa dhán seo agus gan ach sé mhí aige ar an bhfód.

    ReplyDelete
  3. Bail ó Dhia ar an fhile agus a saothar iontach.
    Is breá liom é. :)

    ReplyDelete
  4. Go raibh míle maith agaibh!

    Bhain mé sult as an gcumadh, agus bainim sult as an gcomhluadar...;-)

    ReplyDelete
  5. Ba cheart duit cur isteach mar dán don Ardteist! :)

    ReplyDelete
  6. Ana dheas.

    Seol ag Feasta é: le corr nod dóibh siúd nach bhfuil cur amach acu ar phobal s'againne.

    ReplyDelete
  7. Ní leor nod don té nach bhfuil eolach, déarfainn. Dúinne amháin a oireann sé, sílim. GRMMA as an mbronntanas seo, a Áine!

    ReplyDelete
  8. Dála an scéil an mó duine a chuir isteach air i mbliana? Agus cé bhuaigh?

    ReplyDelete
  9. Cé a bhuaigh? Féach anseo!

    http://www.antoireachtas.ie/event-details.php?ID=43


    Comhghairdeachas, a Áine! Agus lántuillte agat!

    Is cosúil, dar ndóigh, go bhfuilimid beagáinín "mall"... mar is amhlaidh nár thuig éinne thuas i gceart an tagairt i dteideal an dáin. ;-)

    ReplyDelete
  10. An féidir gur mise is túisce a dhéanfas comhghairdeas ó chroí leat, a stór - mise atá as an lúb chomh fada sin? Scéal scéil a chuala mé. Go maire tú. Is iontach an rud é an t-aitheantas, go háirithe agus é tuillte go maith ag an té a fhaigheann. (Anois nárbh iontach go deo na naisc a chur leis an dán breá! An chéad uair riamh seans a rinneadh é! Filíocht idirnasctha.)

    ReplyDelete
  11. Tá an gradam tuillte ag gach blagálaí, a chairde, agus sin mar a dúirt mé ar Ghlór Anoir tráthnóna.

    Gan bhur dtacaíocht, níorbh fhiú dom bheith ag rámhaille liom...;-)

    Mar sin féin, tá ríméad orm faoin ngradam, agus beidh mé ag scríobh faoi gan mhoill.

    Idir an dá linn, go raibh céad míle maith agaibh as bhur bhfocail chineálta...:-)

    ReplyDelete
  12. Molann an obair an bhean.

    ReplyDelete
  13. Ceist nár chuir éinne anseo ort fós, a Áine: céard atá i ndán do na €€€€€ a ghnóthaigh tú?
    ;-)
    Bain sult as! Tá sé tuillte agat, gan dabht dá laghad!

    ReplyDelete
  14. Arís, go raibh céad míle maith agaibh!

    Maidir leis na dollars sin, a Dennis, beidh deireadh seachtaine thar barr agam ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne!

    ReplyDelete
  15. Comhghairdeas ó Chroí.

    (Bhí tuairim agam gurbh tú a bhain an duais: ach ní raibh eolas cinnte agam. I ndiaidh dom an cheist a chuir a cuireadh an t-eolas ar an suíomh úd)

    ReplyDelete
  16. 'I ndiaidh dom an cheist a chuir a cuireadh an t-eolas ar an suíomh úd'

    Nach maith atá a fhios agam é sin, a Aonghuis, agus go raibh maith agat, a chara.

    ReplyDelete
  17. Comhghairdeas leat a Áine. Nuair a bhionn buaiteoir nua ar an gcomórtas, tugann sé le fios go bhfuil sé beo mar chomórtas agus mar mheán. Tugaim faoi ndeara go bhfuil ana chuid ainmneacha nach bhfuil chomh h-úr sin i measc na mbuaiteoirí eile.

    Lean ort ag scríobh..... Tá mé cinnte go ndéanfaidh tú amhlaidh.....

    ReplyDelete
  18. Go raibh maith agat, a Chonchubhair!

    Táim, ahem 'úr', agus 'beo', fearacht ár nOireachtais féin...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.