I láthair na huaire, tá taispeántas ealaíne ar siúl sa Stronach Gallery i gCasla i nGaillimh, taispeántas ar a dtugtar an Western Seaboard.
I measc na n-ealaíontóirí, Rosemary Carr, Alina Maksimenko, Jemima Maxwell, Declan O'Connor, Julia Roddy, Vasil Tatarskiy agus Pádraic Reaney, tá ealaín le mo chara, Nuala Nic Con Iomaire, bean álainn a d’imigh uainn, ar shlí na fírinne, cúpla mí ó shin.
Tá an chéad cheann léi anseo, faoi Current Exhibition. Tá dhá cheann déag san iomlán ó Nuala, an chuid eile ó na healaíontóirí eile. Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 9 Deireadh Fómhair.
‘Criadóir an cheoil,
múnlóir na n-íomhánna,
chuala mé do dhán
ag seinm i do shamhlaoidí,
a Nuala.’
.
‘Péint, Cúpla Focal agus Ól’ le Tuathan Mac Eachaidh
13 hours ago


Go deas. Is fearr liom féin na cinn neamh theibí. Níl amhras ann gurbh bean lán de thallanna í.
ReplyDeleteAontaím, a chara...:-)
ReplyDelete