Tuesday, September 21, 2010

Elaine Barrett

a meangadh gáire agus a súile móra gorma’ an chuimhne is mó atá ag Eileen Barrett ar Elaine, a hiníon álainn a bhásaigh, gan í ach cúig bliana d’aois ag an am.

Bhí fanacht seacht mbliana ar Eileen agus Frank, tuismitheoirí Elaine, sular éirigh leo theacht ar an bhfírinne ó na húdaráis éagsúla, an fhírinne uafásach sin go bhfuair Elaine nimhiú maignéisiam ó shreabhán infhéitheach le táirge lochtach ann.

Bhí Eileen, máthair Elaine, ag labhairt le Eibhlín Ní Chonghaile, ar chlár Iris Aniar ar maidin, agus is truamhéalach amach is amach an scéal a d’inis sí dúinn.

Faraor, ach ‘is é Adhmaidin an t-aon chlár a mbeidh podchraoladh ar fáil dhó…’, a deirtear linn, agus, dá bhrí sin, níl a fhios agam cén deis a bheas agaibh clár iontach Iris Aniar an lae inniu a chloisteáil arís.

An méid sin ráite, tá súil agam go mbeidh sé, ar a laghad, ar leathanach na ‘Cláracha Speisialta’ acu, gan mhoill. B’fhiú é a chloisteáil, i gcuimhne ar Elaine aoibhinn, cailín beag ag a raibh meangadh gáire álainn agus súile móra gorma.
.

6 comments:

  1. Is féidir leat ath-éisteacht le Iris Aniar freisin. Cé nach bhfuil sé ar fáil mar phodchraoladh, té sé ar fáil mar sruth RealPlayer. Téigh go dtí http://eu.real.com/realplayer/ chun na bogearraí RealPlayer a íoslódaíl (tá gá le Windows). Ansin téigh go dtí http://www.rte.ie/rnag/irisaniar.html chun nasc a fháil don chlár.

    ReplyDelete
  2. Ach bí gasta. Beidh sé imithe an tseachtain seo chugainn!

    ReplyDelete
  3. Fuair mé é, a fheara. Go raibh maith agaibh.

    ReplyDelete
  4. D'éist mise leis chomh maith, go raibh maith agat Áine

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.