Tuesday, September 21, 2010

Coillte agus Cosa Beaga

Bhíomar ag súil leis, ar bhealach, nach raibh? Tá PJ imithe ar shlí a cháinte na bhfear eile, fir fearacht John O’Donoghue, Willie O’Dea, agus Ivor Callely, mar shampla.

Sea, tá a thairiscint éirí as tugtha ag PJ do cheannaire a pháirtí, agus ní bheidh sé linn mar urlabhraí talmhaíochta d'Fhine Gael níos mó. Léigh mé, áit éigin, go raibh ‘special responsibility’ aige ‘for trees’, ach is léir gur duine é PJ nach raibh in ann na coillte a fheiceáil, mar is ceart, nuair a scaoil sé a racht leis an ngarda sin, más fíor.

B’fhéidir nár thaitin geáitsí an gharda le PJ, ach bhí jab le déanamh ag an mbean bhocht, agus rinne sí é, chomh fada agus is eol dúinn. Ach céard faoi jab Enda? Más rud go raibh sé ar an eolas faoin eachtra dhá mhí ó shin, cén fáth nach ndearna sé rud éigin faoi roimhe seo? Hmmm…suimiúil.

Mar sin féin, nach tráthúil gur anois a chloistear faoin eachtra, agus caiteoir dí ón bpáirtí eile de shíor sna nuachtáin laethúla. Hmmm…suimiúil.

Shilfeá go bhfuil siad uilig ag cur a gcosa beaga uatha arís, a léitheoirí. Seanscéal na polaitíochta agus meirg air…

---------------------------------------

ag cur a chos uaidh/ag cur a chosa beaga uaidh - displaying temper, talking angrily (FGB, lch.301)
.

6 comments:

  1. Is cosúil go bhfuil corr chara sna Gardaí fós ag Saighdiúirí na Cinniúna. Nár tharla rud mar é do Trevor Sargent i ndiaidh do Willie O'Dea é féin a náiriú?

    ReplyDelete
  2. @ Aonghus: An amhlaidh go bhfuil scéal eile taobh thiar den scéal mar sin?

    ReplyDelete
  3. Bhí ana chaint ar phóit más fíor an Taoisigh. Ansin cloiseann muid faoi eachtra ina raibh Fine Gaelach ar meisce agus mímhúinte - ná míosa fada i ndiaidh an bun eachtra. Agus de bharr gur sceitheadh tuarascáil inmheánach de chuid na Gardaí leis na meáin. Mar a tharla i gcás Trevor.

    ReplyDelete
  4. N'fheadar ar tweeteáil Simon Coveney faoi PJ Sheehan

    ReplyDelete
  5. 'All garda superintendents and chief superintendents are political appointments'

    Más fíor an méid sin thuas, atá le léamh anseo, cén chaoi ar féidir a rá nach bhfuil ceangal idir na polaiteoirí agus na gardaí?

    An aon ionadh é, mar sin, go gceapfadh polaiteoir nó dhó, b'fhéidir, go bhféadfadh urlámhas de shaghas a bheith acu agus iad ag plé leis na gardaí?

    Agus cá dtéann an garda más rud go bhfuil fadhb aige/aici le polaiteoir, abair? Chuig an Superintendent an ea?

    An féidir neamhspleáchas a chinntiú? Hmmm...

    ReplyDelete
  6. Go raibh maith agat, a Aonghuis, bhí dearmad glan déanta agam do Threvor!

    Tá an oiread acu ann, an dtuigeann tú...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.