Thursday, September 30, 2010

Ar an A29

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a chairde, ach ní raibh deis agam, go dtí anois, cúpla focal a scríobh chugaibh le bhur mbeannachtaí a fhreagairt mar is ceart.

Ar fhaitíos aon mhíthuiscint, ní hé go bhfuilim, ahem, gafa le sluaite ag iarraidh mo shíniúcháin, ná gafa le meáin ar thóir m’fhocal, ó bronnadh an gradam úd orm i bPáirc an Chrócaigh, ach táim fós i mBaile Átha Cliath, le seic i mo phóca nach raibh ann inné, agus tá siopaí i ngach áit. Tuigeann sibh féin an chraic, nach dtuigeann? Céard eile a dhéanfadh bean ach tacaíocht a thabhairt don gheilleagar…

Mo chuimhne, mo bhuíochas leis na hurraitheoirí, agus le chuile dhuine a d’eagraigh an ócáid, bronnadh na nduaiseanna do Chomórtais Liteartha an Oireachtais. Bhí ainmneacha na mbuaiteoirí scríofa ar na suíocháin ina rabhamar le suí, agus bronnadh na duaiseanna, ceann i ndiaidh a chéile, go proifisiúnta agus go feidhmiúil. Éibhlín Ní Chonghaile a bhí ina Bean Tí, agus rinne sí jab ar dóigh, bail óna Ché uirthi. Agus tá sí iontach doighiúil, a chairde, rud nach feictear ar an raidió, faraor.

Mo chomhghairdeachas, ó chroí, le SeánO (A8), agus le Proinsias (A3). Maith sibh, mo chomhbhlagálaithe!

Ar ndóigh, bhí sólaistí, agus atmaisféar iontach, ann ina dhiaidh sin. Rug Cearbhall Ó Síocháin, as Raidió na Gaeltachta, greim orm féin le hagallamh a dhéanamh liom don chlár Ghlór Anoir, agallamh a craoladh inné, Dé Céadaoin.

Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a léitheoirí, nuair is amaitéarach atá ionat mar atá ionamsa, agus nuair a chuirtear maidhc faoi do shrón gan súil ar bith agat leis roimh ré, is cuma cé chomh deas cineálta agus atá an t-agallóir, agus chaith Cearbhall go deas cineálta liom, tosóidh tú ag rámhaille, mar a rinne mise. Sea.

Agus sin an rud faoin mblagáil, a chairde. Fuair mé duais, b’fhéidir, mar go bhfuilim in ann srian, de shaghas, a chur ar mo rámhaillí anseo. Táim in ann slacht, de shaghas, a chur ar an ngramadach. Táim in ann mo smaointe a scagadh le, ahem, staidéar agus stuaim. Ansin, táim in ann mo phointe a roinnt libh le, ahem, ciall agus struchtúr. Sea.

Ach, cuir maidhc os mo chomhair, agus cuir ceist chiallmhar orm, is ansin a nochtar an té atá taobh thiar den bhlag seo. Go sábhála bhur gCé sibh ó m’anachain, a léitheoirí…

Go raibh céad míle maith agaibh as bhur mbeannachtaí, agus as bhur dtacaíocht. Beidh mé i dteagmháil rialta libh. Aiféala orm faoi sin.
.

6 comments:

  1. Maith thú a Áine, tuillte go maith agat gan aon agó ar bith!

    An mbeidh an clár leis an agallamh ar fáil ar líne an gceapann tú? Chaill mé inné é.

    ReplyDelete
  2. 'An mbeidh an clár leis an agallamh ar fáil ar líne..'

    Tá sé ann fós, go bhfoire mo Ché orm...16.55 a thosaigh mo rámhaille!

    Agus, go raibh maith agat arís, a chara!

    ReplyDelete
  3. fáilte anseo san ardchathair. Bain taitneamh as an siopadóireacht!

    ReplyDelete
  4. Agallamh breá atá ann. Maith thú arís :)

    ReplyDelete
  5. D'éist mé leis anois freisin, ar fheabhas, ag tnúth leis an ngearrscéal.

    ReplyDelete
  6. Dá mbeinn in ann scríobh chomh sciobtha céanna...ASG! Grmma, a chairde.

    Néidí, táim i nGaillimh anois díreach, agus chuidigh mé leis an ngeilleagar anseo, freisin...;-)

    Ní bheidh pingin rua fágtha den duais faoin am a fheicfeas mé an Garraíodóir arís...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.