Ní gá a dhéanamh ach na ceannlínte a léamh, go bhfeice sibh na dúradáin ag titim.
An é go bhfuil Gortghlanadh III faoi lán seoil, nó an é nach bhfuil ann ach giota spraoi dóibh uilig?
Mo chuimhne, ó tharla go mbím de shíor ag aibhsiú nasc chuig na nuachtáin laethúla, mar atá déanta agam thuas, ba mhaith liom mo bhuíochas a thabhairt do na hiriseoirí uilig as a gcuid oibre ar na míreanna a scríobhann siad, míreanna a roinnimse libhse, a léitheoirí, trí nasc a aibhsiú chucu ar mo bhlag.
Gabhaim mo bhuíochas leo, ó tharla an méid seo thíos léite agam, faoin gcaibidil 'Paddy O'Blog', ag uimhir 39 i leabhar John Waters, ‘Feckers; 50 People Who Fecked Up Ireland’,
‘He considers himself on the same level as journalists who must go out into the world every day, gather information, collect facts, submit themselves to editorial and legal processes, and ultimately take responsibility for every word they write. In fact, a regular theme of his contributions is the idea that he is in the process of supplanting conventional media and making journalists redundant.’
Ouch! An focal sin uaimse, a chairde. An focal é ‘Ouch’ meas tú? Más ea, an focal Béarla nó Gaeilge atá ann, meas tú?
Pé scéal é, i réamhrá an leabhair, tá an méid seo thíos le rá aige faoin bhfocal sin ‘fecker’, agus maith dom úsáid an fhocail mhóir eile sin, ach tá sé san alt aige féin, an dtuigeann sibh,
‘A ‘fucker’ is someone for whom the speaker retains a degree of respect, whereas ‘fecker’ has a hint of dismissiveness about it.
But the word ‘fecker’ retains about its person some element of regard. There is a sense that the accused is, if not exactly admired, at least held in a somewhat exasperated tolerance. A ‘fecker’ is someone who may exhaust the patience but not entirely the affections.’
Is le gean agam oraibh a roinnim an t-eolas sin libh, a chairde. Bígí, ahem, foighneach liom, le bhur dtoil…
.
Ciorcal Comhrá Ionad Uíbh Eachach ar turas
8 hours ago
Is dóigh liom gur thit John bhocht i ngaiste an ró ghinearálú.
ReplyDeleteIs fíor go bhfuil brealláin ann a shíleann ré Órga nua an saoránach iriseoireach a bheith breactha - ach fiú i measc blagadóirí is mionlach iad an aicme úd.
Agus is aicme iontu féin blagadóirí na Gaeilge, pé scéal é.
Maidir le Gortghlanadh: mar a dúirt an té a dúirt, níl ach an t-aon poll tábhachtach: Olltoghchán. Agus ní shílim ceann a bheith ag druidim linn fós.
'Agus is aicme iontu féin blagadóirí na Gaeilge'
ReplyDeleteB'fhéidir é, a Aonghuis, agus maidir leis an 'ró ghinearálú' sin a luaigh tú, níl thuas uaim ach giota beag as leabhar ina bhfuil a leithéidí The Begrudger, Seanie FitzPatrick, Bono, Padraig Pearse, Maud Gonne, Arthur Guinness, Gay Byrne, Gerry Adams, Big Tom, Thierry Henry srl. áirithe sa 50 sin aige.
Maidir le holltoghchán, má bhíonn vóta muiníne sa rialtas acu sa Dáil, beidh na torthaí uaidh suimiúil...;-)
Agus lenár n-aird díriú ar mhionphointe anois:
ReplyDeleteAn focal é ‘Ouch’ meas tú? Más ea, an focal Béarla nó Gaeilge atá ann, meas tú?
Is focal é gan dabht dá laghad. Ach conas é a litriú i nGaeilge? Ba mhaith liom tosú le “abha-” agus críochnú le “-its”. An bhfaca sibh “Abhaits!” i gcló riamh?
"is aicme iontu féin blagadóirí na Gaeilge"
ReplyDeleteAbair é!
Maidir le 'ouch,'
ReplyDelete1837, from Pennsylvania German outch, cry of pain, from Ger. autsch. The Japanese word is itai. Latin used au, hau.
Focal na ngall é. Ach cad déarfadh an tAthair Dineen?
Suimiúil, a Shéamais, go raibh maith agat. Nílím in ann theacht ar leagan Gaeilge den fhocal'ouch' in aon áit.
ReplyDelete@ 'An bhfaca sibh “Abhaits!” i gcló riamh? '
Ní fhaca, ach déanfaidh sé mise mar fhocal Gaeilge ar ouch, a Dennis!