Wednesday, August 4, 2010

Stát na bhFataí Goirte

Is maith liom fataí. Is maith liom iad, is cuma iad bruite nó friochta. Ach is fearr liom iad bruite brúite.

Ní maith liom salann. Ní maith liom é, is cuma é mín nó garbh. Agus is fearr liom m’fhataí bruite brúite gan salann.

Mar sin féin, thar na blianta, thug mé faoi deara nach féidir liom fataí bruite brúite a ithe in aon bhialann, ná i go leor tithe eile seachas i mo theach féin, mar go bhfuil sé de nós ag daoine salann a chur, de dheoin nó d’ainneoin, isteach sna fataí bruite, sula mbrúnn siad iad.

An bhfeiceann sibh an fhadhb atá agam leis sin, a léitheoirí?

Sea. Tá an ceart agat, a chara na bhfataí goirte. Tá sé de cheart ag an duine atá ina theach féin a rogha rud a dhéanamh leis na fataí. Mura dtaitníonn an modh cócarála liom, ní gá dom dinnéar a ithe sa teach sin.

Ach, céard faoi na bialanna sin?

Abair, mar shampla, nach bhfuil ann ach bialann amháin i mo bhaile, agus é mar thraidisiún sa bhialann sin salann a chur sna fataí bruite brúite; níl aon rogha eile agam, de réir dlíthe na tíre, abair, ach freastal ar an mbialann sin chuile lá.

Nó, b’fhéidir nach féidir liom dhul in aon áit eile ach chuig an mbialann sin, abair, má bhuaileann ocras tobann mé, agus gan fáil agam ar fhataí i mo theach féin.

Cá bhfágann sé sin mo leithéidse, nach bhfuil tugtha don salann ar chor ar bith, ach duine lena dtaitníonn an fata álainn nádúrtha?
.

9 comments:

  1. Ar iarr tú prátaí gan salann orthu? Ní cheart go mbeadh sé do dhéanta.

    (An amhlaidh nach mbíonn salann ar bith agat san uisce agus tú á bhruith? Nílim tógtha le salann; ach tá gá le roinnt bheag san uisce dar liom. Agus in earraí eile - tá dearmad déanta agam ar an salann uair nó dhó agus arán á dhéanamh agam - ní raibh blas ar bith ar an dtoradh!)

    ReplyDelete
  2. Mmmm, fataí bruite brúite... tá brón orm, a Áine, ach aontaím leis an mbialann. Fataí bruite brúite le salann agus im. Ní bheadh rud ar bith eile ag teastáil uaim. Bhuel, b'fhéidir gloine bainne. Gan salann ;)

    ReplyDelete
  3. Ní chuirim salann ar aon rud. Faighimse 'blas' ar gach toradh nádúrtha...:-)

    ReplyDelete
  4. @ 'Ní bheadh rud ar bith eile ag teastáil uaim'

    An creideamh fíor, an ea, a John...:-)

    ReplyDelete
  5. Beidh ort do chuid brúitín féin a thabhairt leat, is dócha. Ach tá mé ar aon intinn leat maidir leis an salann: bíonn an iomarca de ar an mbia sna bialanna de ghnáth, abhus anseo, thall sa Fhrainc, agus chuile áit eile. Agus maidir leis an mbrúitín, níl aon teorainn leis na rudaí a chuirtear ann sna Stáit: gairleog rósta, soiliriac (“celery root”), wasabi, cáis, bagún, etc. etc.

    ReplyDelete
  6. Ilchreidmheach, is dócha, a Dennis...:-)

    ReplyDelete
  7. Ní fheadar cén Ghaeilge atá ar "pre-condimentation"? Ar aon nós, aontaím leat gur drochnós é.

    ReplyDelete
  8. Is maith liom an briathar, a Dennis, cibé faoin mbeart!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.