Sunday, August 29, 2010

Sámhaí Rámhailleach


Táim i mo shámhaí le seachtain, a léitheoirí.

Ní raibh mé ag iarraidh bheith ar an tolg, an dtuigeann sibh. Mar a luaigh mé cheana, tagann laethanta mar iad aniar aduaidh orm, ó am go chéile, ach sin mo thriail, agus ní crua an triail orm é, caithfidh mé a admháil.

Bhí mé ar mo sháimhín só ar an tolg anseo. Roinn mé rámhaille nó dhó libhse, agus bhí deis agam m’aighneacht chuig an CSA a chríochnú, agus a sheoladh. Níl a fhios agam an ndéanfaidh sí aon mhaith, mar aighneacht. Ní saineolaí mise ar an ábhar, ar chor ar bith, bíodh a fhios agaibh. Níl ionam ach, ahem, foghlaimeoir fadtréimhseach.

Mar sin féin, b’fhearr liom bheith páirteach san athbhreithniú, ar a laghad, seachas bheith de shíor ag gearán faoi éagsúlacht na gcanúintí, agus faoi eisceachtaí an chaighdeáin. Éist leis na canúintí, agus cuir slacht ar an gcaighdeán. Sin mo thuairim.

Cibé scéal é, agus mé i mo shámhaí rámhailleach, d’airigh mé uaim mo shiúlóidí. Bhí áthas orm gur fhill m'fhuinneamh ar maidin, agus go raibh mé in ann bualadh chun bóthair arís, ar lá álainn gréine, gaofar, bríomhar.

Thug mé faoi deara, agus mé ag siúl trí Pháirc na Súilí inniu, go bhfuil na duilleoga ag titim go fras, agus san áit ina raibh cosán tarra romham an tseachtain seo caite, bhí bóthar órga romham ar maidin.

Go mba hé don Ghaeilge.
.

3 comments:

  1. Is aoibhinn liomsa an t-am seo den bhliain

    ReplyDelete
  2. Fan id' shámhaí só, a chara. Agus ná bíodh aon drogall ort. Beidh tú in ann súgradh sna duilleoga lá éigin eile. Nó cluiche conkers a imirt ar an dtolg!

    ReplyDelete
  3. Is aoibhinn liomsa an Fómhar, freisin, a Néidí.

    Ní minic a bhíonn laethanta mar seo agam anois, a John. Táim feabhsaithe go mór, agus ag aireachtáil go maith, go hiondúil.

    Is corr lá nach mbím in ann siúlóid bhreá fhada a chur díom. Níl romham ach dea-laethanta, a chara...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.