Tuesday, August 24, 2010

Meabhrán

Más rud go bhfuil suim agaibh i bpróiseas athbhreithnithe an CSA ar an gCaighdeán Oifigiúil, ná déan dearmad go bhfuil an sprioc le haghaidh bhur n-aighneachtaí, don tréimhse seo, ar an Aoine seo chugainn, an 27 Lúnasa.
.

9 comments:

  1. meadhrán a chuireann an cheist ar fad ormsa...

    ReplyDelete
  2. Neel ock raytuck uhwawn er un gesht shuh. beeuck own guydawn fayne egg gock aynyeh egwing. sowmplee braha den goarus shuh er doltai.com

    ReplyDelete
  3. Cén baint atá ag na Confederate States of America (nach maireann) leis an gcaighdeán?

    ReplyDelete
  4. Chuala mé gearán ó dhuine de na mion-Ghaeltachtaí i rith na seachtaine go bhfuil an iomarca cumhachta ag muintir Chonamara ar an teanga (ag caint faoi na heagraíochtaí atá lonnaithe ann sílim) agus go mbeidh ar an athchaighdeánú freisin. Céard a cheapfá faoi sin? Nó, an cheist ró-mhór í sin i gcomhair meabhráin?!!

    ReplyDelete
  5. @ Séamas, níl a fhios agam!

    @ John, tá deis ag chuile dhuine, is cuma cén Ghaeltacht arb as dóibh, aighneacht a sheoladh chuig an CSA...:-)

    Sheol mise mo chéad aighneacht, agus táim ag obair ar an dara ceann i láthair na huaire. Ar a laghad beidh sé le rá agam go ndearna mé 'iarracht' ar rud éigin a dhéanamh faoi na fadhbanna, mar a fheicimse iad, sa chaighdeán i láthair na huaire.

    Is fearr liom a dhul sa thóir ar réiteach, más féidir liom, seachas bheith ag 'gearán' faoi dhaoine, ná faoi Ghaeltacht...;-)

    @ Aonghus - tuigim do chás!

    @ Veehawsta - err eye lath!

    @ Míshásta -

    ReplyDelete
  6. Maith thú, a Áine. Tá an ceart ar fad agat. Go n-éirí le d'aighneacht(a)!

    ReplyDelete
  7. @ Áine. Seo an meon! Tá dóchas agam go n-éistfidh siad leis.

    ReplyDelete
  8. Go raibh maith agaibh, a fheara.

    Níl a fhios agam an ndéanfaidh m'aighneacht aon mhaith, ach beidh m'iarracht ann, cibé scéal é...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.