…dhá dhó ceathair,
dhá thrí sé,
dhá cheathair ocht…
… táim ar ais i rang a dó, nó, b’fhéidir, rang a trí. Maireann an chuimhne liom fós. Táim ag aithris na dtáblaí don mhúinteoir. Táim á n-aithris amhail is dá mbeinn ag casadh amhráin, na focail foghlamtha de ghlan mheabhair agam, mo chorp ar luascadh le rithim na bhfocal, mé i dtámhnéal, shílfeá.
Sin an t-aon bhealach amháin a bhí agam, an dtuigeann sibh, na táblaí a aithris i gceart don mhúinteoir. Bhí orm iad a fhoghlaim de ghlan mheabhair, mar nár thuig mé iad.
Sin scéal nár athraigh ar feadh mo shaoil. Cé go ndearna mé chuile iarracht, theip orm, san Ardteistiméireacht, pas a fháil i mata. Fiú sa lá atá inniu ann, ní féidir liom ciall a bhaint astu. Níl an ábaltacht sin agam, faraor.
Ach, tógadh mé i gceantar Gaeltachta, agus d’éirigh liom, san Ardteistiméireacht, onóir a fháil i nGaeilge. An t-am sin, más rud go bhfuair tú onóir i nGaeilge, bhí dhá onóir ag dul duit. Dá bhrí sin, fuair mé mo dhá onóir, ar ábhar amháin.
An raibh sé sin féaráilte? Teorainneacha á dtarraingt arís?
Is beag duine ón nGaeltacht nach bhfuair onóir i nGaeilge, seans, nó b'fhéidir go raibh sé níos éasca ceann a fháil, ó tharla an teanga sin ar a gcumas acu, rud a chuir go mór lena n-ábaltacht onóir a fháil, b'fhéidir.
An raibh sé féaráilte nach bhfuair na daltaí cumasacha eile, iad siúd le hábaltacht acu onóir a fháil sa Fhraincis, sa Stair, san Eolaíocht, mar shampla, an raibh sé féaráilte nach bhfuair siadsan onóir sa bhreis, freisin?
Anois, cloisim go bhfuil caint ann marcanna sa bhreis a thabhairt do dhaltaí le hábaltacht ar leith acu sa mhata. An bhfuil sé sin féaráilte, meas tú? Teorainneacha á dtarraingt arís?
.
Lá Teaghlaigh na Nollag ar an Iúr
3 days ago
Bhíodh pointí breise ann do Mhata le mo linnse freisin. (nuair ab ea 32 pointe an marc is airde as na sé ábhar; bhí 7 bpointe ag dul do A sa mhata - 5 sna hábhair eile)
ReplyDeleteBraitheann "féaráilte" ar an sprioc atá leis an gcóras. Ach sílim fhéin - cé go bhfuil gá práinneach againn le matamaiticeoirí, agus gá ag gach duine le cumas éigin mata, nach bhfuil sna pointí breise seo ach sop in áit na scuaibe.
Tá ag teip ar ár gcóras oideachas oideachas a chuir ar dhaoine. Tá "rás na bpointí" tagtha in áit - rás nach n-ullmhaíonn daltaí don Ollscoil ná don saol.
D'éirigh go seoigh liomsa san Ardteist; ach níor fhoghlaim mé conas foghlaim go dtí gur thosaigh mé ag obair. Shleamhnaigh mé ar éigin tríd an ollscoil.
Athnuachan ó bhonn, ag tosú sa bhunscoil, atá de dhíth.
@ 'ach níor fhoghlaim mé conas foghlaim go dtí gur thosaigh mé ag obair'
ReplyDeleteD'fhoghlaim mise le foghlaim agus mé i mo thuismitheoir...:-)
Maidir leis an gcóras oideachais, tá athbhreithniú ag teastáil, gan dabht.
Idir an dá linn, ní dóigh liom go bhfuil pointí breise féaráilte mar, seans, go dteastódh 'grinds' ó dhaltaí áirithe lena leithéid a fháil, agus is iad lucht an rachmais amháin, cheapfainn, a bheas in ann íoc astu sin.
É sin, nó cuirfear brú millteanach ar thuismitheoirí theacht ar bhealach éigin le cuidiú lena bpáistí na marcanna a fháil, rud nach rachaidh chun tairbhe na dteaghlach, teaghlaigh atá faoi bhrú cheana féin sna laethanta easpacha seo.
Ní féidir, i mo thuairim, matamaiticeoirí a chruthú, mar a déarfá, ach is féidir cuidiú le daltaí, ag a bhfuil cumas matamaitice, sprioc na honóra a bhaint amach, ach é sin a dhéanamh, mar is ceart, taobh istigh den chóras oideachais, ach bealach a fháil atá féaráilte ar chuile dhalta.
Tagaim leat maidir leis é bheith féaráilte. Fuair mise pointí sa bhreis mar gur éirigh go maith liom sa mata ach bhí mata éasca dom agus bhíos ag díreach ag comhaireamh na bpointí. Ceapaim go raibh sé 40 pointí sa mbreis agam.
ReplyDeleteNíor chruthaigh na pointí sa mbreis sin dúil san ábhar, chruthaigh an múinteoir é. Díreach mar chruthaigh an múinteoir innealtóireachta m'fhuath san ábhar
Dá dtógtaí tú sa matama-tacht, bheadh scéal eile ann...
ReplyDeleteNach suimiúil é nach mbíonn na matamaiticeoirí ina mathshlua? ;-)
ASG, a Shéamais!
ReplyDeleteCuidíonn múinteoir spreagúil, gan dabht, a Néidí.
Ach an fhadhb atá agamsa le marcanna sa bhreis a thabhairt in ábhar amháin seachas in ábhar eile, ní thuigim cá bhfuil an chothroime!
Nach ionann é sin, mar shampla, agus pá sa bhreis a thabhairt don duine, sa státseirbhís, abair, atá in ainm is a bheith ar chomhchéim pá lena chomhghleacaí, ach atá níos fearr ag obair ar an deasc fáiltithe, b’fhéidir?
Ach, tógadh mé i gceantar Gaeltachta, agus d’éirigh liom, san Ardteistiméireacht ... dá bhrí sin, fuair mé mo dhá onóir, ar ábhar amháin ... An raibh sé sin féaráilte?
ReplyDeleteDeirtear go mbeirtear daoine áirithe le “spúnóg airgid” ina mbéal. Is cosúil gur spúnóg airgid í an Ghaeilge fós in áit nó dhó. Bainigí leas aisti!
:-)
N'fheadar.
ReplyDeleteTá scoláirí a níonn scrúdaithe trí Ghaeilge faoi míbhuntáiste mór i gcomparáid lena gcomhghleacaithe i saol an Bhéarla; níl leath an oiread ábhair breise ar fáil dóibh.
Chun an míbhuntáiste sin a mhaolú a bronntar na marcanna breise.
@ 'Chun an míbhuntáiste sin a mhaolú a bronntar na marcanna breise.'
ReplyDeleteNí raibh a fhios agam é sin, a Aonghuis. Agus cén leithscéal atá ann, meas tú, más do mhata atá na marcanna breise le tabhairt, mar sin? Cá bhfuil an 'míbhuntáiste' ansin?
A Dennis, táim buíoch gur tógadh i gceantar Gaeltachta mé, gan dabht. Cuidíonn an mháithreach sin go mór liom anois...:-)
Ceist eile atá sna pointí breise do mhata - meon an margadh, ag iarraidh luach níos airde don mhic léinn a chuir ar an rud a mhaíonn an Rialtas (spreagtha ag lucht gaimbín) luach níos airde a bheith air.
ReplyDeleteSílim féin go bhfuil gá le hoideachas níos fearr mata - ach seo an rogha nach gcosnóidh faic ar an Rialtas, agus nach dtéann i ngleic le fréamh na faidhbe - easpa múinteoirí le scil i Mata agus múinteoireacht.
Bhí litir shuimiúil san IT inné ag míniú an difríocht idir Mata agus na ábhair 'acadúla' eile. Ní féidir 'cramáil' a dhéanamh don Mata: is scrúdú tuisceana é, seachas triail chuimhne.
ReplyDeleteMaíonn Gardner go bhfuil iliomad éirimí ann agus is beag duine a bhéas in ann ardchéim a bhaint amach i ngach ceann acu. Dár ndóigh tá an Ardteist claonta go mór i dtreo an éirim teangeolaíoch agus an éirim loighciúl-matamaiticiúl, maraon le gach córas oideachais eile ar domhain go bhfios dom.
An chóir glacadh nach bhfuil dúil mhatamataiciúil ionainn uile agus má ghlacann, cad is fiú buntáistí bhreise a bhronnadh orthusan a bhfuil cumas na matamaitice iontu cheanna féin? Cén fath nach mbeadh pointí bhreise ann mar sin do lucht fhoghlama an cheoil?
Ag filleadh arís ar tháblaí Áine, is cuimhin liom freisin na hámhráin a chanadh muid "A haon faoina haon sin a haon, a haon faoina dó sin a dó srl" agus maraon leí táim den tuairim gur chabhraigh siad liom na táblaí a fhoghlaim, fiú mura tháinig tuiscint ach blianta i ndiaidh an eolais. Níl an béim chéanna anois ar fhoghlam na táblaí sna scoileanna agus feictear domsa gurb iad na leanaí atá thíos leis, már níltear in ann 7x8 a dhéanamh ina gcinn go tapaidh.
Nílim cinnte cén réiteach atá ar an fhadhb ach aontaím le hAonghus agus scríbhneoir an litir chuig an IT, is praiseach ollmhór í an Ardteist fé láthair agus ní hí an Matamaitic is mó a bhfuil gá le leasú ann.
inti!
ReplyDeleteGo raibh maith agat, a Choc, as m'aird a tharraingt ar theoiric Ghardner - iontach suimiúil ar fad.
ReplyDelete@ 'Cén fath nach mbeadh pointí bhreise ann mar sin do lucht fhoghlama an cheoil?'
Go díreach!
@ 'ach aontaím le hAonghus agus scríbhneoir an litir chuig an IT'
Mise freisin!