Tuesday, August 10, 2010

Leithscéalta

Nuair a bhím as baile, ní bhacaim le nuacht na tíre, an oiread sin. Bhuel, bacaim leis, ach ní thugaim aird air, i ndáiríre. Cloisim na ceannlínte, ach ní ligim dóibh mo chloigeann a chrá, mar a déarfá.

Ní hionann don Gharraíodóir. An fear bocht. Léann sé na nuachtáin chuile lá, agus éisteann sé leis an nuacht ar an raidió agus ar an teilifís, is cuma muid ar saoire, nó sa bhaile.

Bíonn a chloigeann cráite ag a bhfuil ag tarlú ar fud na tíre, agus bíonn mo chloigeannsa cráite ag éisteacht leis ag gearán faoin staid ina bhfuil an tír seo fágtha acu siúd a bhí in ainm a bheith i gceannas uirthi, agus in ainm a bheith ag tabhairt aire di.

An raibh na polaiteoirí ag obair ar mhaithe linne, nó ar mhaithe leo féin? Táthar ann, go deimhin, a déarfadh nach í an tír seo an chloch ba mhó ar phaidrín duine nó dhó acu, b'fhéidir.

Tá polaiteoirí ann, go deimhin, agus deir siad ‘Ivor an excuse for everything!’

Tá an Garraíodóir ag léamh an pháipéir i láthair na huaire. Níl dabht ach go mbeidh cáithnín éigin faoina fhiacail faoin am a bheas leithscéalta na maidine léite aige.
.

2 comments:

  1. Ceapaim go bhfuil siad chun é a chosaint mar go bhfuil cuid mhaith dóibh ag déanamh an rud ceannann céanna leis

    ReplyDelete
  2. Ní chuireann aon rud iontas orm níos mó, a Néidí...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.