Monday, August 30, 2010

'Bhfuil Tusa Ag Labhairt Liomsa?

Daoibhse, a fheara, atá ag obair le mná, nó fiú ag obair in éineacht le mná, b’fhéidir gur mhaith libh bheith ar an eolas faoin tuairisc a léigh mé inniu, in Femail, tuairisc dar teideal, ‘WOMEN'S TOP TEN MOST HATED NICKNAMES’.

Ar fhaitíos nach bhfuil am agaibh an tuairisc a léamh, baineann sí leis na leasainmneacha sin as a mbaineann fir úsáid san ionad oibre, agus iad ag labhairt lena gcomhghleacaithe mná. Seo hiad na cinn nach dtaitníonn leis na mná, ar chor ar bith:

1. Love
2. Darlin'
3. Babe
4. Mate
5. Hun
6. Kiddo
7. Chick/Chicken
8. Dear
9. Poppet
10. Pet

Níl san alt seo uaimse, bíodh a fhios agaibh, a léitheoirí, ach fainic bheag don fhear a bhainfeadh úsáid as a leithéid de leasainmneacha, i ngan fhios dó féin, an dtuigeann sibh, ar fhaitíos nach dtuigfeadh sé go bhféadfadh sé bheith ag cur oilc ar an mbean bhocht lena bhfuil sé ag obair.

Thiocfadh sé idir mé féin agus codladh na hoíche mura roinnfinn teachtaireacht na tuairisce leis na fir bhochta sin a dhéanfadh a leithéid de rud, go haineolach.

Níor mhaith liom go dtabharfadh aon duine bladhaire, blitsín, cluanaire, líodóir, lústaire, lútálaí, pláibistéir, plámásaí, plásaí, riothaire, sleamaire, slíomadóir, slusaí, spleádóir, súdaire, ar an bhfear bocht, mura raibh sé tuillte aige, ar ndóigh. Sea.

Cibé scéal é, más rud go bhfuil tú ag iarraidh theacht ar ainm feiliúnach, as Gaeilge, don bhean, nó don fhear, lena bhfuil tú ag obair, d’fhéadfá iad a fháil san áit chéanna ina bhfuair mise na cinn sin thuas, ón leabhar Cén Sórt É?; Meascra Ainmneacha ar Chineálacha Daoine, le Tomás Ó Fiacháin, leabhar iontach eile a cheannaigh mé ó Cló Iar Chonnachta, an mhí seo caite.
.

8 comments:

  1. Tá tú fhéin agus Neidí ag creimeadh pé fearúlacht a cheap mé a bheith agam. Ní chuimhneoidh na focail úd a úsáid le comhghleacaí - bean ná fear!

    (Tá seo an freisin, ar líne má tá lipéid do dhíth ort ar dhuine: http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/focloiri/daoine/)

    ReplyDelete
  2. Sin nasc iontach, a Aonghuis, go raibh maith agat.

    @ John - fáilte romhat poppet!

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agat as an chomhairle, a thaiscidh! (Eagla orm, a rún, nó a stór a thabhairt ort....)

    Nuair a smaoiním air, b'fhéidir go bhful 'a thaiscidh' ró-cheanúil, an ndéanfadh "a bhean chóír" gnóíthe???

    ReplyDelete
  4. Mharódh mo bhean mé sula n-agrófaí orm do ghnéaschiapadh!

    ReplyDelete
  5. Cá bhfios dom, a mhaicíní, ach b'fhéidir go bhfuil 'a chara' féin rócheanúil!

    Ach, ná bígí róbhuartha faoi, a pheataí...;-)

    ReplyDelete
  6. Tá cur síos ar chineálacha daoine ag Tomás Ó Máille freisin (An Béal Beo) - agus ní amháin ar an gcúis sin gur fiú go mór an leabhar céanna.

    ReplyDelete
  7. An bhfuil a fhios agat, a Ormondo, ach tá an leabhar sin agam, agus bhí dearmad glan déanta agam den liosta sin ann - maith thú!

    Go deimhin, tá tagairt do mo shin-shean-aintín féin sa leabhar sin (lch. 252), focal uaithi in úsáid aige i gcaibidil 12, uimhir 86...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.