Wednesday, August 25, 2010

Barrúil nó Brúidiúil?

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, is aoibhinn liom ainmhithe. Mar sin féin, glacaim leis go bhfuil daoine ann a mharaíonn ainmhithe, agus daoine ann a itheann ainmhithe, fiú mura ndéanfainn féin é.

Ár bhfírinne féin ag gach duine againn, a léitheoirí. Sin éagsúlacht an tsaoil.

Mar sin féin, bíonn sé deacair orm, go minic, meon an duine i leith ainmhithe a thuiscint, go háirithe nuair a fheicim a leithéidí seo, agus é le rá ag an té a rinne é ‘"I really don't see what everyone is getting so excited about -- it's just a cat."

Dar léi, cheap sí go mbeadh sé 'funny' é a dhéanamh.
.

13 comments:

  1. Súil agam go múinfear ceacht di.

    ReplyDelete
  2. Is dócha an ceacht a múinfear ná gan a leithéid a dhéanamh faoi solas na gréine.

    ReplyDelete
  3. An é go bhfuil 'pay by weight' i bhfeidhm sa cheantar sin agus nár theastaigh uathi íoc as meáchan an chait b'fhéidir?

    ReplyDelete
  4. Níorbh léi an chat. Agus bhí an créatúir bocht beo.

    ReplyDelete
  5. Brúidiúil go huile is go hiomlán. Bhí a fhios ag an mbean féin gur droch-rud a bhí a dhéanamh aici agus í ag tabhairt catsúil amhrasach timpeall uirthi. Bhí an créatúirín sáinnithe ann le breis is 15 uair sular aimsíodh é. Buíochas le Dia nár tháinig lucht an bhruscair.

    ReplyDelete
  6. An cheist atá agamsa ná cén fáth gur thóg sé chomh fada ar na húinéirí tabhairt faoi ndeara go raibh an cat ar lár. Gan amhras, ní cataire mé féin....

    ReplyDelete
  7. Tá sé sin gránna. Níl sé chomh fada sin an cat bheith in easnamh. Téann mo chat in easnamh an t-am ar fad agus é ag seilg. Bíonn orm dul amach le canna bia agus é a bhuaileadh chun go dtiocfaidh sé abhaile

    ReplyDelete
  8. Is léir go bhfuil éagsúlacht i ngach áit, a Choc...:-)

    Tagaim le Néidí, a Aonghuis. Téann cait ag fánaíocht, agus is féidir leo bheith deireanach ag teacht ar ais.

    Mar sin féin, dá mbeadh mo Shióg ar iarraidh ar feadh chúig uaire déag, bheinn amhrasach, agus ar a thóir i bhfad roimhe sin.

    @ 'í ag tabhairt catsúil amhrasach timpeall uirthi'

    Tá an ceart agat, a John. Bhí a fhios aici nár chóir é a dhéanamh, ach rinne sí é, d'ainneoin go bhféadfadh an cat plúchadh, agus bás mall fulangach a bheith ag an gcréatúr.

    Cé go dtuigim go bhfuiltear ann atá in ann magadh a dhéanamh faoin méid a tharla, ní dóigh liom gur gníomh magúil a bhí ann.

    Shílfeá nach bhfuil móran idir beart agus briathar i gcás na mná san fhiseán - 'funny' that...

    ReplyDelete
  9. Mar sin féin, tá sé ag dul thar fóir a bheith ag iarraidh í a chuir chun báis...tá tuairisc san Irish times go bhfuil cosaint phóilíní de dhíth uirthi anois

    ReplyDelete
  10. Go sábhála Cé sinn, a Aonghuis!

    Cén sórt daoine iad na daoine a dhéanfadh a leithéid de bhagairt ar dhuine eile? Ní thuigim a meonta, ach an oiread...

    ReplyDelete
  11. Ach tá sé ann; easpa eolais ar dhaoine eile, agus a fhurasta is atá sé mothúcháin a ghríosadh ar líne.

    http://aonghus.blogspot.com/2008/06/aingeal-sochana-don-idirlon.html

    ReplyDelete
  12. Iompar aisteach! Cad é na rudaí eile a ceapann sí go mbeadh siad funny?

    ReplyDelete
  13. @ 'Cad é na rudaí eile a ceapann sí go mbeadh siad funny?'

    Sin é, a Sheáin. Tá domanónna an mheoin iontach éadrom - má thiteann ceann amháin...

    @ 'Nach mbeadh a leithéidí togha chun maolú ar bhladhmchogaidh'

    Bheadh, a Aonghuis...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.