Thursday, July 8, 2010

Ag Póitseáil

Tharla sé go raibh mé ag útamáil thart ó stáisiún raidió amháin go ceann eile inné, agus thit mo chluasa ar an gclár Barrscéalta an tSamhraidh, clár le Michelle Nic Grianna agus Dónall Mac Ruairí mar láithreoirí aige.

An rud a tharraing m’aird ná go raibh Dónall ag cogarnáil, agus ba léir domsa go raibh rud éigin sórt ‘dána’, b’fhéidir, ag tarlú agus chinn mé bheith páirteach sa, ahem, dánacht sin. Ní raibh a dhath eile le déanamh agam, an dtuigeann sibh.

Cibé scéal é, bhí Michelle críonna, agus d’fhan sise sa stiúideo. Bhí Dónall dána taobh na habhann/farraige, ‘áit éigin i nDún na nGall’, mar a dúirt Michelle cheilteach ón stiúideo. Bhí sé, abair, páirteach le fear eile, fear a bhí ag póitseáil bradán le heangach taobh na habhann, ahem, ‘áit éigin i nDún na nGall’.

Le bheith féaráilte, ní raibh Dónall ag póitseáil bradán, ach bhí sé ann, mar sin féin, i bhfolach agus ag cogarnach, ar mhaithe leis an scéal a fháil d’éisteoirí an chláir, is dóigh liom. Cé nár athraíodh glór Dhónaill ar an gcraoladh, athraíodh glór an phóitseálaí, le nach n-aithneofaí é, an dtuigeann sibh. Níor dheas an rud é an fear bocht a bheith páirteach sa chlár, agus a ghlór á chur in aithne don lucht éisteachta, ná do na báirseoirí. Ní bheadh sé sin ceart ná, ahem, cóir, b’fhéidir.

D’inis an fear gan ainm dúinn faoina cheird, faoin gcaoi ina ndéanann sé an eangach a shocrú mar is ceart trasna na habhann, an méid ama atá i gceist, agus mar sin de. Tá a ‘spot’ féin aige taobh na habhann, an ceann ceannann céanna a bhí ag a athair, ag athair a athar, agus ag athair a sheanathar. Bhí sé dhá bhliain déag nuair a thosaigh sé, agus ‘gnás a bhí ann’, an dtuigeann sibh.

Tá traidisiún ag baint leis, bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, agus téann an fear seo ann chuile bhliain le go mbeidh an ‘spot’ sin caomhnaithe dá theaghlach. Tá a ‘spot’ féin ag na póitseálaithe traidisiúnta uilig, is cosúil. Bhí eangach eile le feiceáil ann ag Dónall. Fiú agus an ‘floating rope’ acu, rópa atá éasca a fholú ach ‘gaoth beag’ a bheith ann, chonaic Dónall ceann thíos uaidh.

Is don ‘feed’ amháin a bhailíonn an fear gan ainm na bradáin, ach bíonn amanna ann agus d’fhéadfadh suas le dosaen bradán a bheith aige, ceithre cinn déag an ‘ceap’ is mó a bhí aige riamh. Dar leis, bhí bialann ann agus ba chuma cén méid bradán a gheobhadh an póitseálaí sin gan ainm, ‘ceannóidh mise uait iad’ a dúradh leis.

Séasúr scór oíche a bhíonn ann gach bliain, agus is féidir ‘pingin mhaith’ a shaothrú, gan ach uair an chloig oibre, nó mar sin, i gceist chuile oíche. Mar sin féin, bhí an ‘aois ag teacht aige’, mar a dúirt an póitseálaí, agus ní bheadh sé in ann dul ‘ag reáchtáil’ ó na báirseoirí mar a bhíodh, ‘dá dtiocfaí go gasta’ air, an dtuigeann sibh.

‘Caide an bealach éalaithe…?’ a d’fhiafraigh Dónall, sórt amhrais ag teacht air, shíl mé, ‘…b’fhéidir go mba chóir dom fios a bheith agam air sin…’.

Ag an bpointe ama sin, shamhlaigh mé Dónall agus na báirseoirí ag teacht sa mhullach air, é féin ansin lena threalamh ó Raidió na Gaeltachta, an ‘floating rope’ ag bogadh anonn agus anall san uisce, an fear aosta gan ainm, gan glór aitheanta, ‘ag reáchtáil’ ar nós na gaoithe i dtreo an ‘bealach éalaithe’, cibé áit ina raibh sé sin.

Tá clár na Céadaoin le fáil anseo, an píosa le Dónall ag 35.30 nóiméad, tuairisc shuimiúil a mhaireann timpeall 10 nóiméad. Níor mhaith liom an rud iomlán a insint anseo, a léitheoirí, ar fhaitíos go gcuirfí i mo leith gur ghoid mé an scéal, agus ní póitseálaí mise.
.

6 comments:

  1. Ar chuala tú faoin piongain ar maidin?

    ReplyDelete
  2. Is cosúil go bhfuil 'fir gan ainmneacha' ar fud na tíre!

    ReplyDelete
  3. Níor chuala, a Néidí. Céard a tharla?

    Déarfainn é, a John!

    ReplyDelete
  4. Goideadh piongain ón zú ar maidin. Tháinig siad air i lár na cathrach http://www.irishtimes.com/newspaper/breaking/2010/0708/breaking52.html?via=mr

    ReplyDelete
  5. Chuir mé ceist ar an nGarraíodóir faoi, agus bhí sé ag insint dom go raibh sé ag éisteacht le bean ar an nuacht anocht, bean a chonaic an piongain.

    Dúirt sí leis an tuairisceoir nuachta go bhfaca sí an piongain ar an gcosán i lár na cathrach agus, dar léi, 'I thought it was unusual, alright....'

    ReplyDelete
  6. Rinne m'athair amhlaidh nuair a bhí sé níos óige.
    Déanaim féin iascaireacht ar an abhainn chéanna nuair a bhíonn seans agam, ach gan an eangach.
    Níl ceadúnas iascaireachta agam mar sin is dóigh go bhfuilim ag póitseáil!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.