Sunday, June 6, 2010

S.W.A.L.K?

Tá cuairteoirí anseo i láthair na huaire. Tá siad chomh meánaosta linn féin, d’fhéadfá a rá, rud a fhágann go bhfuil sórt cuimhne chomhionann againne agus acusan ar an am a caitheadh.

Tharla sé go rabhamar ag seanchaíocht aréir, an saol roimh theacht an ríomhphoist agus an fhóin phóca faoi chaibidil againn.

‘Remember when you’d get a letter with S.W.A.L.K. written on the back of the envelope?’ a d’fhiafraigh fear amháin.

‘Or H.O.L.L.A.N.D and I.T.A.L.Y!’ arsa fear eile.

Bhí dearmad glan déanta agam féin ar na hacrainmneacha sin, cé gur iomaí uair a bhain mé úsáid astu agus mé i mo dhéagóir.

Is é an smaoineamh a rith liom ar maidin, meas tú an bhfuil acrainmneacha eile in úsáid ag déagóirí an lae inniu, acrainmneacha a bhaineann le cúrsaí grá, agus atá chomh soineanta céanna leis na cinn sin a bhíodh in úsáid againn féin fadó?

Bhuel, thosaigh mé ag googláil, agus, an bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach tá seans ann nach gceapfaidh sibh go bhfuil gach ceann acu seo ‘soineanta’. Tá athrú nach beag, shílfeá, tagtha ar úsáid choitianta na n-acrainmneacha sa lá atá inniu ann.

SH is dócha.
.

5 comments:

  1. Agus ní cuimhin liomsa ach SAG. Bhuel CRAFT freisin.

    ReplyDelete
  2. Cad é is ciall le 'H.O.L.L.A.N.D' agus 'I.T.A.L.Y.' a Áine? Tá mise meánaosta fosta ach ní fhaca mé iad seo?

    Tá an t-áiléar anseo lán litreacha a bhfuil SWALK scríofa orthu, idir mise agus Gina! :-)

    Ón liosta sin ar thug tú nasc chuige... bhí mé ROFLMAO nuair a léigh mé P911, MOS agus KPC!

    Cibé ar bith, B4N

    ReplyDelete
  3. SAG agus CRAFT, a Chailliomachais? NALOPKT b'fhéidir, agus níor mhaith liom go mbeidís SITD, an dtuigeann tú!

    HOLLAND - Hope Our Love Lasts and Never Dies
    ITALY - I Trust And Love You

    Tá súil agam nach bhfuil TMI ansin duit, a Sheáin Ó.

    BCNU!

    ReplyDelete
  4. Saint Anthony Guide (ar litreacha)!
    Cannot remember a fucking thing.
    TTFN

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.