Sunday, June 27, 2010

Nathanna Cainte

Táthar ann a chreideann an fógra a deireann go bhfuair gruaig Cheryl Coleits mojo back’, agus táthar ann a chreideann, b’fhéidir, go raibh barraíocht ‘mojode shaghas éigin ag Ashley Cole, an fear a phós sí i 2006.

Ó tharla mé fiosrach faoin bhfocal sin ‘mojo’, chinn mé dhul sa tóir ar leagan Gaeilge daoibh, a léitheoirí, ar fhaitíos go dteastódh sé uaibh, am éigin amach anseo, an dtuigeann sibh. Bhuel, ní féidir an Dómhnallach a shárú agus ba chuici mo chéad ghlaoch, agus mé ag dul i mbun dualgais.

Gus!’ ar sí, ar an bpointe boise, ‘Níl gus ar bith ann!’, a dúirt sí.

Ar fhaitíos na míthuisceana, a léitheoir, ní dóigh liom gurb é Ashley, ná gruaig Cheryl, a bhí i gceist aici. Ní raibh ann ach gur iarr mé abairt shamplach uirthi, agus sin an ceann a roinn sí liom.

Tá an gus bainte dhó.’ nó ‘Tá an gus ar fad caillte aige’ arsa sí, don té, nó don rud, lena ‘mojo’ imithe, is dócha.

Dar le FGB (lch.680), chaithfeá ‘gus a bheith ionat’ le bheith ‘bold, spirited, self-assured’, agus dá mbeadh tú ag iarraidh ‘to humble someone’s pride’, go gcaithfeá ‘an gus a bhaint as’ - rud nach dtaitneodh le hAshley ar chor ar bith, cheapfainn féin, fear ag a bhfuil ‘gus agus gaisce’,(dash and prowess), agus é ag imirt peile, deirtear.

Maidir le Dinneen (lch. 579) maíonn sé go mbeadh an té ‘gan gus, gan tuis, gan téagar’, bheadh sé ‘without energy, size or substance’, go sábháiltear sinn! Ní luafar ainm Ashley leis an nath sin, mura miste libh, a léitheoirí, mar is léir go bhfuil neart fuinnimh ag an bhfear.

Tháinig mé ar an bhfocal ‘tathag’ in De Bhaldraithe (lch. 318), focal nach bhfuil sa chaint i gConamara, chomh fada agus is eol dom, ach is ‘substance’ atá i gceist leis, mar a bheadh ‘tathag i ndeoch’ (body in drink) nó ‘tathag in argóint’ (weightiness in argument – FGB, lch. 1213).

An taibhse a bheadh gan ‘substance’, bheadh sé gan ‘amhmhaoin’ dar le McCionnaith (1935) (lch.1320) ach an té le ‘no substance in talk’, ní bheadh ‘aon ghéibhís ina chaint’ (lch. 1321), agus d’fhéadfadh sé tarlú nach ‘raibh aon ghéibhís san gcoirce’, chomh maith céanna.

Tá ‘gus’, ‘bracht’, agus ‘téagar’, i bhfoclóir T O’Neill Lane (Larger 1922) agus ‘solidity, firmness’ atá mar mhíniú ann (lch. 1519), ach d’fhéadfadh gur ‘bain siad an tsusmaid as an bhainne le neart uisge’, dá gcaillfí an real essence’ as rud, is dócha; na focail ‘brigh’, ‘substaint’, ‘bunachar’, agus ’susmaid’ ar an leathanach céanna.

Tá an focal sin ‘siosmaid’ i leaba ‘susmaid’ in FGB (lch. 1101), agus ‘common sense’ atá i gceist leis; ‘siosmaid a bheith ionat’ (to have sense); rud a chaill Ashley, b’fhéidir, nuair nár chaill sé a ghus.
.

10 comments:

  1. Bheadh sé deacair Gaeilge -- nó Béarla -- a chur ar “mojo” gan cuid dá bhlas a fhágáil ar lár. Tá níos mó ná gus i gceist ó cheart. Tá baint láidir aige le draíocht. An té a bhfuil mojo aige/aici, tá an t-ádh air/uirthi. An duine a chaill a mhojo, níl rath ná ríocht air, an créatúr.

    ReplyDelete
  2. Bhfuil leaganacha de 'mojo' i dteangacha eile, a Dennis?

    ReplyDelete
  3. Dúirt mé go mbeadh sé deacair Béarla a chur ar “mojo”, ach is focal Béarla -- nó Meiriceánach -- é dáiríre, mar is anseo a rugadh é, i measc na ndaoine gorma. Tá focal eile ann a chuimsíonn cuid mhaith den réimse céanna, mar atá “groove”. Nuair a bhíonn sé agat, tá tú i dtiúin leis an saol, agus má chailleann tú é, tá an saol agus tú féin in adharca a chéile.

    Tá focal suimiúil ag na Navajo: hózhó = cothrom, comhréir, áille, sláinte, “ag siúl in áille”, etc. Is é an concheap lárnach dá gcultúr é seo. Ach sin scéal eile!

    ReplyDelete
  4. Tá an ceart ag an mbeirt agaibh, shílfeá.

    Caithfidh mé tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an bhfocal...

    ReplyDelete
  5. Táim den bharúil, tar éis taighde, ahem, nach beag, go bhfuil focal nuachumtha agam le roinnt libh, a chairde, ceann a chuireann cumhacht agus charm san áireamh. Ceapaim.

    Céard faoi ‘gusgheasa’?

    ‘Fuair gruaig Cheryl a ghusgheasa ar ais’/‘tá gusgheasa nach beag ag Ashley’...

    Nó fiú 'tá an gg ar fad caillte aige', dá mbeadh giorruchán uait, an dtuigeann sibh...;-)

    ReplyDelete
  6. http://www.youtube.com/watch?v=KFTX_Ngb7xg

    ReplyDelete
  7. Chuirfeadh mo dhuine gusgheasa ag obair ar fud na háite, gan stró, a Mhíshásta...;-)

    ReplyDelete
  8. Neart, a Hilary!

    Sin focal nach raibh cloiste agam le fada...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.