Wednesday, June 30, 2010

Ainmneacha Linbh 2009

Más rud go bhfuil suim agat in ainmneacha linbh, nó fiú go bhfuil suim agat i d’ainm féin, b’fhéidir gur mhaith leat súil a chaitheamh ar an suíomh seo, áit a dtugann an Phríomh-Oifig Staidrimh cuntas ar ainmneacha linbh na tíre seo.

Anuraidh, ba iad Jack (1061) agus Sophie (635) na hainmneacha ba mhó a raibh gean orthu, ansin bhí,

(2) Seán (927), Ava (630),
(3) Daniel (832) Emma (621)
(4) Conor (775) Sarah (565)
(5) James (705) Grace (522)

Bhí an t-ainm Jack sa chéad áit i 2007 agus 2008 freisin, ach d’ardaigh an meas ar an ainm Sophie i 2009. Ní raibh sé ach sa séú háit i 2008. Mar is eol do Bhean an tSléibhe, tá grá nach beag agam féin do leagan Gaeilge an ainm sin, Sábha.

Leid bheag duit, a léitheoir, más mian leat áit d’ainm féin a chuardach ar an liosta, téigh isteach ar an suíomh luaite thuas, brú ctrl agus F ag an am céanna, clóscríobh d’ainm sa bhosca is faide ar dheis ar an mbarra uirlisí – tá dath glas air ar mo cheannsa – agus brú ar an eochair aisfhillte ansin. Ba chóir go mbeadh tú in ann d’ainm, agus é aibhsithe, a fheiceáil, más rud go bhfuil sé ann ar chor ar bith. Ceapaim.

Agus tá ainmneacha nach bhfuil sa 100 is fearr, thug mé faoi deara, cé go bhfuil m’ainm féin, Áine, ann – 158 den ainm sin a rugadh i 2009, 157 i 2008, 203 i 2007, 175 i 2006, 187 i 2005, 190 i 2004 (Table 2 ar an suíomh), m’ainm rangaithe ag uimhir 47 ar liosta na n-ainmneacha a cláraíodh idir 2004 agus 2009 (Table 3).

Ní raibh mé in ann theacht ar Dennis ná ar Donncha, FergusFearghus, agus níl Jane ann cé go bhfuil Sinéad ann, 85 a rugadh i 2009, é rangaithe 83; tá Peter rangaithe 67, cé nach bhfuil Peadar ann; tá Joseph rangaithe 36, cé nach bhfuil Seosamh ann; níl Bríd na Bridget ann; tá Martin rangaithe 73, cé nach bhfaca mé Máirtín in aon áit; tá Mary rangaithe 61, ach diabhal Máire le feiceáil; tá Cailtín rangaithe 54, ach níl Kathleen ann.

Roinnt nithe neamúla eile duit as an rogha 100 ainm, a léitheoir:

Níor tháinig Daniel isteach sa rogha 5 go dtí 2007, cé go bhfuil Jack, Seán, Conor agus James ansin ó 1998; tá Emma agus Sarah sa rogha 5 ó 1998, ach seo an chéad uair ag Grace ansin; tháinig Bobby, Shay agus Szymon isteach sa rogha 100 den chéad uair i mbliana, le luas ar leith faoi ainmneacha Lucas agus Szymon.

Tháinig Layla, Oliwia, Hollie, Madison, Daisy agus Emilia isteach sa rogha 100 den chéad uair i 2009, Layla rangaithe ag 74 anois, cé gurb iad Daisy agus Hollie a rinne an dreapadóireacht is fearr ar an dréimire, Daisy le 61 céim dreaptha aici, agus Hollie le 48 céim dreaptha aici.
.

8 comments:

  1. Sin an-spéisúil a Áine, grma as sin.

    "Layla, Oliwia, Hollie, Madison, Daisy, Emilia"

    Rian an Tíogair Cheiltigh is dócha.

    ReplyDelete
  2. Cén fáth Jack? Tá sé ar bharr an liosta i chuile Chúige agus cheantar seachas an Iarthar.

    An bhfuil tionchar ag an gclár Lost ar dhaoine?
    Thosaigh an clár i 2004, agus is ina dhiaidh sin gur thosaigh tuismitheoirí timpeall na tíre ag cur Jack ar a leanaí!

    Bheadh sé spéisiúil le fáil amach cén fáth an ráchairt don ainm áirithe sin.

    ReplyDelete
  3. Rian an Tiogair Cheiltigh gan dabht, a chara, agus is deas ann iad, ach oiread le Szymon.

    Maidir le Jack, ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm dá mbeadh baint ag a mhóréileamh leis an gclár 'Lost'! Tá tionchar nach beag ag réaltaí scannán agus teilifíse ar meon an phobail i gcoitinne, feictear dom.

    Féach ar na, ahem, Jacks uilig anseo. Meas tú an raibh borradh faoi úsáid an ainm, nó laghdú, de bharr na Jacks ar an liosta? Deacair a rá...

    ReplyDelete
  4. Bhí tuismitheoirí faoi dhraíocht ag an litir J ar feadh fiche bliain abhus anseo: Justin, Jason, Jessica, Jennifer, etc., tá siad ar fud na háite, ina bhfichidí agus a dtríochaidí anois. Ar tharla a leithéid thall ansin freisin?

    ReplyDelete
  5. Cuireann an liosta seo iontas orm chuile bhliain. Cén chaoi bhfuil Mia (14) agus Leah (15) chomh coitianta sin, mar shampla? Agus Mary bhocht sa 61ú háit. An mbeidh Uachtarán Mia againn i gceann daichead bliain?!

    ReplyDelete
  6. Ní dóigh liom é, a Dennis, cé nach bhfuilim róchinnte. Ach, bhí neart 'John Paul's' ann tar éis don Phápa Eoin Pól cuairt a thabhairt ar an tír seo i 1979.

    Maidir le Mia agus Leah, a John, tá siad coitianta go maith, agus ní chuirfeadh sí iontas dá laghad orm dá mbeadh fiú Uachtarán Szymon againn amach anseo.

    Go deimhin, bheadh sé sin go deas...:-)

    ReplyDelete
  7. Is iontach aisteach nach bhfuil Mohammad ar an liosta sin. An t-ainm is coitianta ar domhain, agus a bhíonn ag éirí níos coitianta i gcónaí in Éirinn...

    ReplyDelete
  8. Níl ann ach an chéad 100, agus líon na bpáistí a rugadh ó 2004, a Shéamais.

    Seans go bhféadfadh Momhammad a bheith ar an liosta amach anseo, agus b'fhéidir uachtarán leis an ainm sin againn, freisin, más é sin toil na ndaoine...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.