Tuesday, May 18, 2010

Rírá

Scríobh mé anseo cheana faoin ngreannán nua, Rírá, a tháinig ar an bhfód i Mí Iúil seo caite.

Chuir múinteoir muinteartha liom, bean atá ag obair i nGaelscoil i mBaile Átha Cliath, chuir sí ordú isteach le haghaidh deich gcinn acu - tá lacáiste 10% i bpraghas an ghreannáin, má cheannaítear 10 gcinn in éindí - agus d’inis sí dom gur bhain na páistí sult ar dóigh as an ngreannán.

Fuair mé scéal, an mhí seo caite, ón dream i Rírá, go raibh an dara heagrán réidh le dáileadh, agus gur féidir é a ordú anseo.

Rinne mé dearmad glan an dea-scéal a roinnt libh, a léitheoirí, ach, mar a tharla sé, casadh an múinteoir muinteartha sin liom an tseachtain seo caite, agus bhí sí ag insint dom go raibh an dara heagrán faighte aici cheana féin.

Is é an scéal a roinn sí liom ná nach ndúirt sí leis na daltaí go raibh an dara heagrán faighte aici, ach gur fhág sí an greannán sa seomra ranga, san áit a mbíonn an t-ábhar léitheoireachta uile fágtha aici. Dar léi, thug na páistí faoi deara é ar an bpointe boise ar shiúil siad isteach sa seomra ranga, go raibh áthas an domhain orthu é a fheiceáil, agus gur thosaigh siad á léamh ar láthair na mbonn!

Bhuel, níor úsáid sí an nath cainte sin ‘ar láthair na mbonn’, ach tháinig mé ar an nath sin anois díreach, taitníonn sé liom, agus feileann sé, sa chás seo, mar gurb shin mar a tharla an eachtra, ar shúile m’aignese, agus an scéal á roinnt aici liom.

Cibé scéal é, a léitheoirí, creidim féin go bhfuil comhghairdeas tuillte ag lucht Rírá, mar is léir go bhfuil obair fhiúntach ar bun acu, más fianaise an méid sin a chuala mé go dtí seo. Ná dearmad an dea-scéal sin a scaipeadh, más mian libh, go háirithe ar na scoileanna in bhur gceantar féin.

Go n-éirí go geal leo, agus nárbh fhada uainn an lá go mbeidh an chéad eagrán eile linn!
.

3 comments:

  1. Ag caint faoi ábhair ghrinn, an mbíonn tú ag breathnú ar An Crisis ar TG4, a Áine? Tá sé thar barr. Chomh maith le haon ghreann eile ar an teilifís, dar liom féin.

    ReplyDelete
  2. Tá mé á thaifeadadh ar series link i láthair na huaire, a John, agus súil agam breathnú air ceann de na laethanta seo.

    Chonaic mé réamhthaispeántas den chlár ag Éigse Choilm Cille, agus cheap mé gurbh fhiú go mór é a fheiceáil.

    ReplyDelete
  3. Is féidir tuilleadh eolais faoi Rírá a fháil anseo ar Facebook.

    Go raibh maith agaibh,a lucht Rírá, as an eolas sin a roinnt liom.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.