Tuesday, May 25, 2010

Poiblí nó Príobháideach?

Más rud go bhfuil cónaí ort, nó go bhfuil cónaí ar dhaoine muinteartha leat sna Stáit Aontaithe, b'fhéidir gur mhaith leat súil a chaitheamh ar an suíomh seo, agus d'ainm agus seoladh a líonadh isteach faoi 'search'.

An bhfuil tusa, nó duine ar d'aithne fiú, luaite ann?

Más rud go bhfuil tú luaite ann, agus más mian leat gan a bheith luaite, is féidir leat súil a chaitheamh ar an suíomh seo le tuilleadh eolais a fháil, agus anseo le d'ainm a bhaint den suíomh, ceapaim. Más féidir.

Níl tú ann? Cuir d'uimhir ghutháin isteach faoi 'search' anseo. An bhfuil tusa, nó do theach b'fhéidir, le feiceáil anois?

Go deimhin, más rud go bhfuil seoladh ríomhphoist agat, is cuma thall nó abhus, is fiú súil a chaitheamh anseo, agus do sheoladh ríomhphoist a líonadh isteach faoi 'search'. An bhfuil tú ann?

Is féidir leat mo cheannsa, ar dheis ar an mblag seo, a úsáid ar bhonn trialach don turgnamh seo, más mian leat. An bhfeiceann tú céard a deirtear ann fúmsa? Sea. 'We found 25 blogs and updates by Miseaine.' agus 'We found Miseaine on 5 social networks.' Agus, níl ansin ach an t-eolas atá le fáil saor in aisce.

Ní raibh a fhios agamsa faoin suíomh seo go dtí inniu, ach roinnim libh é, a léitheoirí, le go dtuigfidh sibh, mar a thuigimse, ceapaim, nach bhfuil a dhath, feictear dom, 'príobháideach' más rud go bhfuil tú ag scríobh go poiblí ar an idirlíon, nó ag roinnt eolas pearsanta go poiblí, ar bhlag, nó ar 'social network', abair.

Go deimhin, céard go díreach atá 'príobháideach' sa lá atá inniu ann? Féach ar an scéal seo agus ar an scéal seo, mar shampla.

I bhfocail an té atá eolach ar na nithe seo, 'tá siad ag éisteacht linn'. De shíor, is cosúil.
.

6 comments:

  1. Tuigim go bhfuil achan rud ann sna taifid phoiblí, ach tá an iomarca eolais ann amach ansin -- brionglóid coirpigh! Cad é a tharla don cheart chun príobháideachta? Agus smaoinigh ar fhostóirí ag lorg fostaithe. Srl...

    ReplyDelete
  2. Fostóirí ag lorg oibrithe, a Sheáin, comhlachtaí árachais ar thóir eolais, gnóthaí ar thóir sonraí pearsanta ar mhaithe lena margaí, gan trácht ar chaimiléirí!

    Tá fáil acu uile ar an rud atá scríofa 'go poiblí'. Téim ar na social networks sin ó am go chéile, agus cuireann sé iontas orm na nithe a roinneann daoine go poiblí, idir phictiúir agus chomhrá.

    Ar ndóigh, tá an ceart sin acu, ach ritheann sé liom, ó am go chéile, go bhféadfadh go mbeadh contúirt ann pictiúir do pháistí, mar shampla, bheith ar fáil go poiblí.

    Agus, má scríobhtar ar bhlag 'go poiblí', is dóigh liom go bhfuil fáil ag gach duine ar ábhar an bhlag, más mian leo, agus glacaim leis sin, cé go bhfuil a fhios agam go bhfuil blagálaithe ann agus is socrú 'príobháideach' atá acu ar a mblag, mar gurb é sin a mian. Níl siad ag iarraidh ábhar a mblaganna a roinnt 'go poiblí', agus níl fáil ag léitheoirí ar na blaganna sin, gan cead. Ní hionann na blaganna sin agus na blaganna le socrú 'poiblí' acu, is dóigh liom.

    Ach, an féidir a bheith cinnte go bhfuil fiú an méid a scríobhtar 'go príobháideach' ar an líonra 'príobháideach'?

    ReplyDelete
  3. Bhí suíomh ann ag an Nollaig agus bhí siad ag féachaint ar an méid daoine a scríobh facebook nó twitter go mbeidh siad as baile don deireadh seachtaine. Nílim in ann teacht air anois.

    ReplyDelete
  4. Sin mo phointe, a Neidí! An é nach dtuigeann daoine go bhfuil contúirt ann eolas pearsanta a roinnt go poiblí...

    ReplyDelete
  5. Ní thuigeann, faraor, go háirithe na daoine óga.

    ReplyDelete
  6. Ní féidir ceann críonna a chur ar ghualainn óig, deirtear, a Shéamais...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.