Wednesday, May 26, 2010

Comórtais Amhránaiochta agus Amhrán

Scríobh mé anseo, mí Feabhra seo caite, faoin amhránaí Crystal Bowersox. Mar iomaitheoir ar an gclár American Idol an t-am sin, thaitin sí go mór liom, agus níor athraigh mé m’intinn ó shin.

Seachtain i ndiaidh seachtaine, bhí na hamhráin uaithi go hiontach ar fad. Níl aon ionadh ormsa, mar sin, go bhfuil sí sa bhabhta ceannais ar American Idol thall anocht, cé nach mbeidh an clár á chraoladh ar TV3 anseo in Éirinn go dtí Dé hAoine, chomh fada agus is eol dom.

Beidh Crystal in iomaíocht le Lee DeWyze, amhránaí eile a thaitin liom ó thús, caithfidh mé a admháil. Mar sin féin, sí Crystal mo rogha don chomórtas, bíodh mé ceart nó mícheart. Beidh le feiceáil.

D’éist mé leis an gcéad bhabhta leathcheannais den Eurovision Song Contest aréir. Ag an bpointe seo sa chomórtas, taitníonn an fear seo, Tom Dice, amhránaí na Beilge, go mór liom. Diabhal locht air féin, ná ar an amhrán, Me and My Guitar.

Ní raibh amhrán na hÉireann, It’s For You, sa bhabhta sin aréir, ach beidh Niamh s’againne sa bhabhta leathcheannais tráthnóna amárach, ar chlár a bheas á chraoladh beo ar RTÉ2. Go n-éirí go geal léi.

Beidh an babhta ceannais den Eurovision Song Contest ar an 29 Bealtaine, Dé Sathairn seo chugainn.
.

2 comments:

  1. An tuairim chéanna a bhí agamsa maidir le AI...ach, bhí Crystal lag ar feadh roinnt seachtainí, agus Lee ag éirí ní ba láidre... Thaitin Lee ní ba mhó leis na cailíní óga, is dócha, freisin, agus caitheann siadsan an chuid is mó de na vótaí.

    ReplyDelete
  2. Bhí mé 2% mícheart!

    Mar sin féin, chuirfinn geall leat go n-éireoidh go geal le Crystal amach anseo, a Shéamais. Tá guth álainn aici, agus bealach deas léi, feictear dom. Beidh le feiceáil.

    É sin ráite, tá a bhua tuillte ag Lee, agus go n-éirí go geal leis.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.