Tuesday, May 4, 2010

An Chuach ag Eascainí

Níor chuala mé an chuach ar chor ar bith anuraidh, rud nár tharla i mo shaol roimhe sin, chomh fada siar agus atá cuimhne agam, ar aon nós. Níl a fhios agam cén fáth nár chuala mé í. Bhí sí thart, mar chuala an Garraíodóir í, ach is dócha nach raibh mé féin agus í féin amuigh ag spaisteoireacht thart ag an am céanna.

Cibé scéal é, bhí áthas orm í a chloisteáil inné, agus mé i mo shuí ag ól caife na maidine, thíos i gConamara. Chaithfeadh sé go raibh sí ina suí ar chrann, díreach taobh amuigh den doras, mar shíl mé, ar feadh nóiméid, go raibh sí istigh sa teach liom, bhí a glaoch chomh soiléir sin.

Is iomaí cuimhne ó m’óige a thugann gairm na cuaiche chun cinn, ach tá cuimhne amháin, scéal a chuala mé ar Raidió na Gaeltachta geábh, ceapaim, a chuireann chuile chuimhne eile ar an gcuach amach as mo chloigeann, ach amháin an chuimhne seo.

Sílim gurbh é Johnny Choil Mhaidhc a d’inis an scéal ar an raidió, agus tá súil agam nach bhfuilim ag cur focal i mbéal an fhir uasail más rud nach é a d’inis, ach, más buan mo chuimhne, scéal a bhí ann faoi sheal a chaith sé ina leaba agus é tinn, le fuaimeanna an tsamhraidh ag teacht chuige, isteach trí fhuinneog an tseomra.

Lá amháin, bhí an chuach ag gairm léi, í ag ‘cu-cú,cu-cú, cu-cú’áil de shíor taobh amuigh d’fhuinneog Johnny. Mar b’iondúil leis, is dóigh liom gur ag magadh a bhí Johnny agus an scéal seo á insint aige ach, dar leis féin, shíl sé sa deireadh nach ‘cu-cú, cu-cú, cu-cú’ a bhí ag teacht uaithi ar chor ar bith, agus gur ‘fuck you, fuck you, fuck you’ a bhí á rá aici.

Sin an chuimhne atá agam féin, agus tá súil agam go maithfeadh Johnny aon mhíthuiscint uaim, ach ó chuala mé an scéal sin, ní féidir liom gairm na cuaiche a chloisteáil gan eascainí a chloisteáil inti, rud a bhaineann gáire asam fós, díreach mar a bhain an scéal sin gáire asam, an lá úd.

Cúpla bliain ó shin, rinneadh ‘ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha’ ar Ardán anseo, más mian leat tuilleadh dá ghreann a chloisteáil.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.