Monday, May 17, 2010

Cá raibh mé...


...ag spaisteoireacht inniu?
.

4 comments:

  1. “Taobh na Coille” a deir sé, ach níl a fhios agam cá bhfuil sé.

    ReplyDelete
  2. Aha, bhí a fhios agam go bhfaighfeá é, a Dennis!

    Séadchomhartha nó dealbh atá ann, atá tógtha taobh amuigh de Ghaelscoil Thaobh na Coille, i mBelarmín, An Chéim, Baile Átha Cliath.

    Is foirgneamh nua é a d'oscail anuraidh, agus coimisiúnaíodh an píosa don ócáid sin, chomh fada agus is eol dom.

    Níl a fhios agam an 'scéal' taobh thiar den dealbh/séadchomhartha ach táim ar a thóir.

    Go deimhin, níl a fhios agam an dtabharfá 'dealbh' nó 'séadchomhartha' ar an bpíosa, ach an oiread, ach is maith liom an focal sin 'séadchomhartha', agus déanfaidh sé domsa, mura gcloisfidh mé a mhalairt atá níos feiliúnaí!

    ReplyDelete
  3. Bhain an t-ealaíontóir an-fheidhm as an aibítir ogham ansin.

    Thuig mé “séadchomhartha” ón gcomhthéacs, a bheag nó a mhór, ach chuir sé mearbhall orm san am céanna: séad .i. rud luachmhar + comhartha .i. marc = ??

    Ansin thuig mé gurb é an séad eile, .i. an bealach atá i gceist anseo. Is cosúil gur “road marker” an bhrí a bhí le “séadchomhartha” ó thús.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.