Sunday, April 11, 2010

Tá Sé Crystal Clear i Meiriceá!

Mar is eol daoibh, a léitheoirí rialta, bím bhur gcoinneáil ar an eolas faoi na rudaí, ahem, tábhachtacha atá ag titim amach sa saol. Níl uaim ach go mbeadh sibh réidh faoi choinne na scéalta móra, sula dtarlaíonn siad, an dtuigeann sibh.

Sea. Bím de shíor ag bladhgaireacht bleachtaireacht, ag déanamh taighde rialta ar fud na háite, le go dtiocfaidh mé ar na scéalta móra; mé ag iarraidh na daoine mór le rá a aithint, ar bhur son, sula mbíonn siad mór le rá ar chor ar bith, mar a déarfá.

Bhuel, an cuimhin libh Crystal Swing, an banna ceoil le máthair, mac agus iníon as Corcaigh ann? Scríobh mé fúthu anseo an mhí seo caite, agus an bhfuil a fhios agaibh cá bhfeicfidh sibh iad anois? Sea, beidh sibhse thall i Meiriceá in ann iad a fheiceáil ar chlár Ellen DeGeneres amárach, dar le Wikipaedia. Anois, céard a déarfá le Corcaigh!

Agus, ó tharla muid ag caint ar Chrystal, an cuimhin libh Crystal Bowersox, bean a luaigh mé libh anseo i bhfad siar i Mí Feabhra? Bhí sí ar dhuine de na ceithre dhuine is fiche a roghnaíodh, as na mílte eile, le háit a fháil sa bhabhta ceannais ar American Idol i mbliana.

Bhuel, scríobh mé faoin iomaitheoir, Crystal Bowersox, an t-am sin, mar a leanas, ‘chonaic mé an clár anocht agus, más fiú a dhath mo thuairim, is maith liom an bhean seo’. Creid é nó ná creid, as an naonúr atá fágtha sa chomórtas anois, tá sí ‘odds-on-favourite-to-win-american-idol’ dar leis an dream seo.

Tuar agus tairngreacht, atá, ahem, Crystal clear, shílfeá…
.

4 comments:

  1. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  2. Ní thaitníonn ceol Crystal Swing liom go pearsanta, ach aithním go bhfuil daoine ann a dtaitníonn sé leo.
    Agus aithním go bhfuil siad go maith ag seinm ag sórt ceoil sin.

    Ach ní shílim go bhfuil, nó go raibh, spéis ag DeGeneres iontu ach mar cheap magaidh.
    Agus cuireann sé fearg orm láithreoirí Éireannacha ar an raidió nó ar an teilifís ag caitheamh anuas orthu!

    ReplyDelete
  3. An chaoi a fheicimse é, a Dhubhaltaigh, tá Crystal Swing ag déanamh go maith as an aird a tharraing DeGeneres orthu, agus ní dóigh liom gur miste leosan cén fáth ar tharraing sí aird Mheiriceá, agus aird an domhain, orthu, mar go mbeidh siadsan ag baint tairbhe as an mbolscaireacht - tá súil agam!

    Cé nár chuala mé féin na láithreoirí a luaigh tú, ní dóigh liom go mba chóir do láithreoir ar bith, atá ag feidhmiú go proifisiúnta, bheith ag ‘caitheamh anuas’ ar aon duine.

    Mar sin féin, an bhfuil tú cinnte nach ag cuidiú le Crystal Swing a bhí siad, más fíor an t-athfhriotal ‘there’s no such thing as bad publicity…’?

    ReplyDelete
  4. Tá ionadh orm go bhfeiceann sibh AI thall. Taitníonn Crystal go mór liomsa, freisin. Níor chuala mé Crystal Swing riamh. Ní dóigh liom go mbeadh Ellen anuas orthu - ní hé sin a stíl.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.