Friday, April 2, 2010

Slánú, nó Sláinte!

Bhí mé ag breathnú ar Prime Time ní ba luaithe, agus bhí an láithreoir, Miriam, thíos i dteach tábhairne John B. Keane, áit a raibh an chraic sin faoi thithe tábhairne Luimnigh faoi chaibidil acu, tithe tábhairne a bheidh oscailte amárach, Aoine an Chéasta, rud nach dtarlaíonn riamh sa tír seo, ach a bheas ag tarlú amárach i Luimneach, ó tharla cluiche rugbaí mór ag siúl ann. Agus ní chuile dhuine atá sásta leis sin.

Ní duine mór tithe tábhairne mise a thuilleadh, mar sin ní chuirfidh sé isteach ná amach orm an mbeidh na tithe tábhairne oscailte amárach nó nach mbeidh. Déanfaidh mé amárach mar a dhéanaim lá ar bith eile, agus beidh deoch agam sa bhaile más mian liom ceann, nó ní bheidh, mura mian.

Ach, dá mba mhian liom deoch a ól i dteach tábhairne amárach, is dóigh liom go mba chóir go mbeadh an ceart sin agam, go daonlathach agus go dleathach, díreach mar a bheadh ar aon Aoine eile. Ceapaim inniu, mar a cheap mé riamh, nár chóir go mbeadh dlíthe eaglaise agus dlíthe stáit nasctha le chéile i sochaí saolta.

Agus, duine ar bith nach mian leo alcól a ól ar Aoine an Chéasta, tá an ceart sin acu freisin. Ní bhainfeadh oscailt na dtithe tábhairne amárach an ceart sin díobh.

Ach, le dúnadh na dtithe tábhairne ar Aoine an Chéasta, baintear an ceart sin den té atá ag iarraidh alcól a ól i dteach tábhairne, mar is iondúil leo ar Aoine ar bith eile, go daonlathach agus go dleathach.

An bhfuil sé sin ceart agus cóir?
.

5 comments:

  1. Luimneach abú! (Agus níor shíl mé riamh go mbeadh deis ná cúis agam é sin a rá.)

    ReplyDelete
  2. Céard faoin duine a n-oibríonn sa teach tábhairne agus a gcreideann i dtábhacht an lae inniu. Baineadh an ceart uathu lá naofa a bheith acu (nílim ag caint faoi na húinéirí)

    ReplyDelete
  3. Más buan mo chuimhne, tá cearta ar leith ag daoine nuair nach mian leo bheith ag obair, nó ar scoil srl., más rud go dtitin a lá oibre, a lá scoile srl., ar lá nach fheileann dóibh, ar an mbonn nach réitíonn an lá sin lena gcreideamh, mar shampla.

    Féach anseo

    Feictear dom go bhfuil bealaí timpeall ar fhadhbanna mar atá luaite agat, a Néidí, cé nach féidir deoch a ól i dteach tábhairne le doras dúnta, da mba mhian leat é a dhéanamh, ar lá 'naofa', lá nach mbaineann, b'fhéidir, le go leor daoine i sochaí saolta na hÉireann.

    Tá rogha ag na hoibrithe, shílfeá, le cuidiú ón stát, rud nach bhfuil ag chuile dhuine eile nach mbaineann dlíthe na heaglaise leo.

    ReplyDelete
  4. "...nár chóir go mbeadh dlíthe eaglaise agus dlíthe stáit nasctha le chéile i sochaí saolta."

    Aontaím leat go hiomlán - ach ós rud é go bhfuil an tír ar maos san ól cheana féin ní fios dom go beacht cén sórt bua a bheadh i gceist anseo. Ar aon nós beidh mé ag súil leis go mbeidh an bua ag foireann na Mumhan!

    Tá pobal na tíre faoi smacht anois ag dreamanna cumhachta eile seachas an eaglais agus chuir i gcomparáid cé chomh go humhal agus a ghlac an pobal roinnt bhlianta ó shin leis an gcosc ar chaitheamh tobac sa tábhairne.

    Is é atá i gceist ná go ngéilltear i dtólamh do cibé lucht a bhfuil an chumhacht acu agus nach bhfuil an chumhacht sin feasta ag an eaglais.

    ReplyDelete
  5. @ 'nach bhfuil an chumhacht sin feasta ag an eaglais' -agus níl an cumhacht ag an bpobal, a Ormondo - fós!

    Tá súil agam nach ndéanfar dearmad ar na nithe seo uile nuair a bheas lá na vótála ann amach anseo, agus nach iad na daoine ceannann céanna a bheas i gcumhacht, ná na haghaidheanna ceannann céanna sa rialtas agus san eaglais; nach bhfágtar ann ach na daoine le dearcadh dearfach, agus le cumas, daoine le leas na tíre agus leas pobal na tíre mar aidhm acu, seachas a leas pearsanta féin, mar a déarfá.

    Sílim go bhfuil barraíocht cronyism ann faoi láthair, de réir mar a léim, sa stát agus san eaglais. Ba dheas dá mbeadh deireadh lena leithéid, ar mhaithe le pobal na tíre, is cuma cén creideamh atá, nó nach bhfuil, acu.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.