Friday, April 2, 2010

Maoluimhreacha: 1-100

Tá tionscnamh ar bun acu thall in Transparent Language, áit a bhfuil blag Gaeilge ag Róislín. Tá sé i gceist acu ‘na huimhreacha ó 1 go 100 a scríobh amach i ngach blag’ atá acu thall ann.

Faoi láthair, tá liosta na maoluimhreacha curtha le chéile, as Gaeilge, ag Róislín anseo, agus tá fuaimniú na bhfocal taobh leis na huimhreacha ar an liosta, don té a dteastódh a leithéid uaidh.

Dar léi, ‘Is féidir linn colún eile a chur leis seo am éigin, le bhur bhfrásaí’, agus sé an smaoineamh a rith liom go bhféadfadh sibhse, a léitheoirí, frásaí a roinnt le Róislín, dá mba mhian libh.

Le tuilleadh eolais a fháil, nó fiú le breathnú ar an obair iontach atá á dhéanamh ag Róislín in Transparent Language, brú ar chnaipe an ‘Irish Blog’ faoin liosta ‘Blagálaithe Eile’ ar thaobh na láimhe deise den bhlag seo, nó téigh caol díreach isteach anseo.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.