Friday, April 16, 2010

Scamaill Dhiúltacha agus Solas Dearfach

Bhí mé ag éisteacht le fear ar chlár Gerry Ryan ar maidin, timpeall 9.45 a.m.

Bhí an fear seo, Brian a ainm, ceapaim, agus an 65 páiste atá faoina chúram i láthair na huaire, bhí siad in ainm a bheith ag taisteal go Páras inné ach, mar is eol do chách, ní raibh eitleáin ag dul áit ar bith inné.

Fágadh Brian agus na páistí ag an aerfort ar maidin, ach d’fhan tiománaithe a mbusanna leo, ó tharla gur chuala siad go raibh fadhbanna taistil ann. Mar a tharla do chuile dhuine i ngach aerfort ar fud na hEorpa, tháinig an drochscéal chuig an ngrúpa – ní raibh eitleáin ag bogadh, agus ní bheidís ag dul go Páras.

An raibh siad buartha? Is dócha go raibh. Ach níl a thuilleadh, mar amach as na scamaill dhiúltacha sin tháinig solas dearfach. D’oscail an amharclann i Sord a doirse, agus thaispeáin scannán do na páistí. Tháinig na busanna ansin, agus thug siad na páistí leo go Maigh Eo, áit ar oscail óstáin agus ionaid spóirt i gCaisleán an Bharraigh agus Cathair na Mart a ndoirse do na páistí.

Tá siad anois ag baint suilt as an aimsir álainn in iarthar na tíre áille seo, agus, mar a dúirt Brian, a bhfeighlí, níl a fhios aige céard a bhí á dtabhairt go Páras ar chor ar bith, agus daoine chomh dearfach agus chomh cuidiúil sin sa tír seo, agus an aimsir chomh álainn seo.

Mar a deirtear sa Bhéarla labhartha ‘’nuff said!
.

7 comments:

  1. Á, sin ar fheabhas. N'fheadar cén fáth ach an oiread go mbeadh 65 páiste ag siúl timpeall Páras!

    ReplyDelete
  2. Scéal iontach. GRMA as m'aird a tharraingt air.

    ReplyDelete
  3. 134 acu a bhí ann, a Dhubhaltaigh, agus is club rugbaí iad, páistí faoi 9, a bhí ag dul go Disneyland chuig 'mini rugby tournament'.

    Chuidigh go leor daoine leo, lucht gnó na tíre seo; Bartons Transport as Maigh Nuad, Movies@Swords, Breaffy House srl., gach duine acu ag obair le Brian agus a chomhghleacaithe le dea-scéal a dhéanamh den drochscéal, ar mhaithe leis na páistí.

    ReplyDelete
  4. Tá cara agamsa atá stucáilte i bPáras na Fraince. Ní sin an áit is measa, is dócha.

    ReplyDelete
  5. Agus fanfaidh mise glan ar na h-aerfoirt an tseachtain seo chugainn, leis.

    Dála an scél, nach raibh faic le rá ag Maelmhaedhoc Ó Morgair faoin mbolcán sin?

    Seans gurbh fhearr nach raibh!!! :-)

    ReplyDelete
  6. Is dóigh liom nach raibh caint ar eitleáin ar chor ar bith an t-am sin, a Ormondo, agus narbh bhfiú dó an bolcán a lua..:-)

    ReplyDelete
  7. Is dóigh liom nach raibh caint ar eitleáin ar chor ar bith an t-am sin, a Ormondo, agus narbh bhfiú dó an bolcán a lua...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.