Thursday, April 1, 2010

Ó Chré go Cré

Tharla sé go raibh mé féin agus an Garraíodóir ag spin beag Dé Domhnaigh, nuair a thángamar ar sheanreilig.

Isteach linn, agus thosaíomar ag léamh na n-ainmneacha ar na clocha cinn. Bhí cuid acu chomh sean sin go raibh siad tite go talamh, leaca briste anseo agus ansiúd, é deacair na sonraí orthu a léamh. Mar sin féin, bhí cuid acu fós ina seasamh go bródúil, agus ba léir, ó na clochscríbhinní, go raibh formhór acu ansin ón naoú haois déag ar aghaidh.

Bhí an chuma ar an séipéal taobh leo go raibh sé tréigthe le blianta fada, é gan díon, gan fuinneog. Ba léir nár cuireadh aon duine sa reilig le blianta, na huaigheanna tréigthe, ligthe i léig, shílfeá, iad uaigneach, gan cuairteoir le fada an lá.

Ó tharla nach raibh an t-ábhar pléite againn roimhe, agus ó tharla gur rith an smaoineamh liom ag an am, thiontaigh mé i dtreo an Gharraíodóra, agus chuir mé an cheist,

How do you want to be buried?’

‘What do you mean?’ a d’fhiafraigh sé féin.

‘Do you want a regular burial, or do you want to be cremated?’ a d’fhiafraigh mé.

Surprise me.’ arsa mo dhuine.
.

4 comments:

  1. Ó tharla tú ansin, a Dennis, an mbeadh tú in ann insint dom an bhfuil ceangal ar bith ag an bhfocal 'uaigh' leis an bhfocal 'uaigneach', ó thaobh 'fréamh' na bhfocal, mar a déarfá?

    ReplyDelete
  2. Ba mhaith liomsa a bheith curtha. Tá rud inteacht 'measartha' buan faoi uaigh. B'fhéidir gur maoithneachas atá ann ach ba mhaith liom go mbeadh áit ann go dtiocfadh le daoine dul ann go fisiciúil chun cuimhne (más sin an focal ceart) a choinneáil orm.
    Tá uaigheanna mo shin sin sean-thuismitheoirí (great-great?) fós ann sa reilig in Árainn Mhór. Tá siad marbh le breis agus 100 bliain, ach fós féin, tugaim cuairt orthu, gearraim an féar agus coinním slacht ar an uaigh. Is maith liom smaoineamh go ndéanfaidh duine inteacht an rud céanna domhsa san am atá le teacht...

    ReplyDelete
  3. Ach, a Phroinsias, ní chuirfeadh créamadh an choirp isteach ná amach ar an bpróiseas sin!

    Tá luaithreach créamtha le mo dheirfiúr curtha in uaigh le m’athair, fear nár créamadh, agus tá luaithreach créamtha le mo dheartháir céile curtha in uaigh bheag taobh leo.

    Ní airím aon difríocht eatarthu agus mé á dtabhairt chun cuimhne, bíodh mé sa reilig nó na bíodh, seachas na difríochtaí mothúcháin a bhíonn ann, ag brath ar leibhéal an bhróin, má thuigeann tú leat mé.

    Ach, nuair a bhím sa reilig, tugaim faoi deara go dtógann an uaigh bheag i bhfad níos lú spás talaimh, agus is ar an mbonn sin ba mhaith liom féin bheith créamtha.

    Cibé an dtiocfaidh daoine chuig m’uaigh nó nach dtiocfaidh, is dóigh liom go mbeidh am ann, am atá i bhfad bhfad uainn, ach am a bheas ann am éigin, nuair nach mbeidh duine ar bith muinteartha liom beo le mé a thabhairt chun cuimhne. Is dóigh liom nach bhfuil i gceist, i ndáiríre, ach ‘ó luaith go luaith, ó chré go cré’, agus is sa chré a chuirfear sinn i ndeireadh an lae, lá éigin.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.