tag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post1007630248198225329..comments2023-05-26T12:52:20.089+01:00Comments on Mise Áine: Ó Chré go CréMise Áinehttp://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comBlogger4125tag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-80167941090312329262010-04-02T09:45:59.984+01:002010-04-02T09:45:59.984+01:00Ach, a Phroinsias, ní chuirfeadh créamadh an choi...Ach, a Phroinsias, ní chuirfeadh créamadh an choirp isteach ná amach ar an bpróiseas sin!

Tá luaithreach créamtha le mo dheirfiúr curtha in uaigh le m’athair, fear nár créamadh, agus tá luaithreach créamtha le mo dheartháir céile curtha in uaigh bheag taobh leo.

Ní airím aon difríocht eatarthu agus mé á dtabhairt chun cuimhne, bíodh mé sa reilig nó na bíodh, seachas na difríochtaí mothúcháin a bhíonn ann, ag brath ar leibhéal an bhróin, má thuigeann tú leat mé.

Ach, nuair a bhím sa reilig, tugaim faoi deara go dtógann an uaigh bheag i bhfad níos lú spás talaimh, agus is ar an mbonn sin ba mhaith liom féin bheith créamtha.

Cibé an dtiocfaidh daoine chuig m’uaigh nó nach dtiocfaidh, is dóigh liom go mbeidh am ann, am atá i bhfad bhfad uainn, ach am a bheas ann am éigin, nuair nach mbeidh duine ar bith muinteartha liom beo le mé a thabhairt chun cuimhne. Is dóigh liom nach bhfuil i gceist, i ndáiríre, ach ‘ó luaith go luaith, ó chré go cré’, agus is sa chré a chuirfear sinn i ndeireadh an lae, lá éigin.Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-58718963950821409872010-04-01T02:28:51.303+01:002010-04-01T02:28:51.303+01:00Ba mhaith liomsa a bheith curtha. Tá rud inteacht ...Ba mhaith liomsa a bheith curtha. Tá rud inteacht 'measartha' buan faoi uaigh. B'fhéidir gur maoithneachas atá ann ach ba mhaith liom go mbeadh áit ann go dtiocfadh le daoine dul ann go fisiciúil chun cuimhne (más sin an focal ceart) a choinneáil orm.
Tá uaigheanna mo shin sin sean-thuismitheoirí (great-great?) fós ann sa reilig in Árainn Mhór. Tá siad marbh le breis agus 100 bliain, ach fós féin, tugaim cuairt orthu, gearraim an féar agus coinním slacht ar an uaigh. Is maith liom smaoineamh go ndéanfaidh duine inteacht an rud céanna domhsa san am atá le teacht...Proinsias Mac a' Bhairdhttps://www.blogger.com/profile/16175921696155077733noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-28409215411340460402010-04-01T02:06:17.623+01:002010-04-01T02:06:17.623+01:00Ó tharla tú ansin, a Dennis, an mbeadh tú in ann i...Ó tharla tú ansin, a Dennis, an mbeadh tú in ann insint dom an bhfuil ceangal ar bith ag an bhfocal 'uaigh' leis an bhfocal 'uaigneach', ó thaobh 'fréamh' na bhfocal, mar a déarfá?Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-30482614742478162932010-04-01T01:43:23.432+01:002010-04-01T01:43:23.432+01:00GOA!
:-)GOA!
:-)Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.com