Saturday, April 3, 2010

Nathanna Cainte

Ó tharla gur tharraing Proinsias m’aird arNa Riabhaigh.. Laethanta a ghoideann Mí an Mhárta ó Mhí Aibreáin.’, chuir mé an cheist ar an Dómhnallach an raibh a leithéid de sheanchas sa chaint thiar i gConamara.

Siad laethanta na bó riabhaí iad’, a scríobh an Dómhnallach chugam, ‘na trí lá ag deireadh Mhárta/tús Aibreáin agus deirtear go mbíonn an aimsir fuar fliuch feannta na laethanta sin'.

Agus, m’anam, ach go bhfuil laethanta na bó riabhaí anseo linn in Inis Eoghain ar maidin. Tá an abhainn chomh confach sin ar maidin, is ar éigean atá mé in ann mo smaointe a chloisteáil; gleo buan fíochmhar uaithi, gan í ach deich slat, nó mar sin, ó fhuinneog mo sheomra scríbhneoireachta anseo i gCeann Scríbe.

Cibé scéal é, d’fhág Dennis teachtaireacht ar bhlag Phroinsias, scéal na bó riabhaí aimsithe ag an bhfear cliste sin ar Vicipéid, agus is féidir scéal an tseanchais sin a léamh anseo, a bhuí le Dennis. Feicim na focail ‘fuar feannaideach’ luaite sa scéal. Bean eolach í an Dómhnallach sin, a dúirt mise liom féin, mar nach iad ‘fuar’ agus ‘feannta’ na focail a chuir sí féin os mo chomhair agus aimsir na bó riabhaí a mhíniú aici dom.

Mo chuimhne, chonaic mé ‘claibín muilinn’ luaite ag Néidí ina post anseo. Ní raibh an nath cainte sin cloiste agam cheana, ach baineann sé leis an bhfocal ‘claibseach’, is dócha. Cibé scéal é, is féidir leat rud beag faoin gclaibín muilinn a léamh anseo. An bhfuil aon nath cainte ann a d’fheilfeadh d’fhear atá cainteach ‘garrulous’, meas tú?

Deirtear anseo, '"mill clapper" is a piece of timber that struck and shook the shoe of the mill, so that it "yapped like a mill clapper" was used to refer as a person who talked too much. It was shortened simply to "mill clap.",' agus sé an smaoineamh a rith liom féin an bhfuil aon fhocal, fearacht 'claibseach', a d'fheilfeadh d’fhear atá cainteach, nó an é, ahem, nach bhfuil a leithéid de rud agus 'fear cainteach' ann?

Mo chuimhne eile! Luaigh mé ‘duine ó aonach’ sa phostáil seo an tseachtain seo caite, agus tá ceist agam oraibh. An é go bhfuil a fhios agaibh cé hí, cé hé, nó céard é, nó iad, na 'daoine ó aonach’? Tá a fhios ag an Dómhnallach faoi na 'daoine ó aonach', ach bhfuil a fhios aici cé hiad?

Hmmm...
.

4 comments:

  1. Solaoid shár-mhaith de “laethanta na bó riabhaí” a bhí againn anseo i Seattle an tseachtain seo: báisteach sna hísealchríocha agus sneachta sna sléibhte, agus a lán de. Ní ag gearán atá mé. Is é an sneachta céanna a líonann na haibhneacha sa samhradh. Bheadh muid i sáinn gan é.

    Maidir le fear “garrulous”, cuir an focal sin sa bhosca cuardaigh ag Is Iomaí Duine ag Dia. Ansin bain triail as “chatter”!

    ReplyDelete
  2. Níl an aimsir chomh dona sin anseo ar maidin, ach ní féidir í a thrust, a mhaisce!

    Go raibh maith as an nasc sin a roinnt linn, a Dennis.

    Focail a tháinig ón Dómhnallach: cabaire: duine gossipy; clabaire: duine le hiomarca le rá acu faoin rud nach mbaineann leo; giobstaireacht: tittle-tattling; giobstaire: young female tittle-tattler; sioscadh: chatter.

    ReplyDelete
  3. Nasc suimiúil anseo – scéal ann faoin nath sin ‘idir dhá thine Bhealtaine’, chomh maith le blúirí faoi Fhéilte na SeanGhael.

    ReplyDelete
  4. Tá sé suimiúil go bhfuil an focal giobstaire ann. Níor chuala mé sa Ghaeilge riamh é. Tá an focal "gabster" sa Bhéarla agam ó Chontae na hIarmhí. She is a gabster. Déarfainn go bhfuil an focal "gostering" ón nGaeilge freisin.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.