Wednesday, April 14, 2010

Gaelscéal: Crua nó Éasca?

Más rud go bhfuil tú ar dhuine de na daoine sin nach bhfuil fáil agat ar an gcóip chrua de Ghaelscéal, agus más mian leat an leagan digiteach ar líne anseo a léamh, ansin mholfainn duit dul anonn chuig blag Aonghuis anseo, agus na treoracha uaidh a léamh, le go mbeidh tú in ann leagan PDF den nuachtán a íoslódáil. Is leagan é atá i bhfad Éireann níos éasca a léamh, mura bhfuil tú in ann theacht ar an gcóip crua. I mo thuairim.

Is féidir leat Gaelscéal a shábháil ar do ríomhaire ansin, más mian leat, agus é a léamh ar do sháimhín só, rud a mholfainn. Is fiú bheith ar do sháimhín só, seans ar bith a fhaigheann tú. I mo thuairim.

Agus tú istigh ar leathanach an leagan dhigitigh, tá na heagráin uile go dtí seo le fáil, freisin, ach brú ar an gcnaipe 'Féach eagrán', cnaipe atá thuas sa chúinne, ar thaobh na láimhe clé, ag barr an leathanaigh.

Mo chuimhne, go raibh maith agat, a Aonghuis! Is fiú blag Aonghuis a léamh, i gcónaí. I mo thuairim.
.

5 comments:

  1. Leid an-úsáideach, ó Aonghus, agus bhaineas feidhm aisti ar an toirt!

    Beidh líon na cóipeanna íoslódálaithe á áireamh acu, is dócha, le rath an nuachtáin a mheas agus a chruthú. Seans go rachaidh sé chun a leasa i dtaca leis an bhfógraíocht.

    Taitníonn a bhfuil feicthe agam go dtí seo liom. Tá cruth tharraingteach ar an nuachtán - gan é a bheith sleamhnaithe ró-mhór le fána an táblóideachais - agus cur chuige proifisiúnta mar chuspóir na bainistíochta, de réir dealraimh.

    Comhartha dea-thuair é do nuachtán nuair a bhíonn an lucht léitheoireachta ag tnúth leis an gcéad eagrán eile agus - cé nár chóir an lá a mholadh roimh teacht na h-oíche - bheadh sé de dhánacht ionam a mhaíomh gurb amhlaidh atá sé i gcás "Gaelscéal".

    ReplyDelete
  2. Bím féin ag tnúth leis, freisin, a Ormondo.

    Is maith liom 'nár chóir an lá a mholadh roimh teacht na h-oíche' - an seanfhocal é sin?

    ReplyDelete
  3. Sin nath cainte Gearmánach, a Áine. "Man soll den Tag nicht vor dem Abend loben."

    "Ná moltar an lá roimh an tráthnóna."

    Ach cén uair a thosnaíonn an tráthnóna go beach?

    Ar eagla go dtosnaíonn sé níos luaithe ná an "Abend" roghnaigh mé "roimh theacht na h-oíche", mar is iondúil don phointe sin a bheith níos faide anonn ar aon chaoi - cé is moite den gheimhreadh, ar ndóigh.

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat, a Ormondo.

    Chuaigh mé ar a thóir anseo, agus tháinig mé ar 'Praise the day in the afternoon' in Proverbs in Gaelic le G. Bannister, agus is 'Mol an lá um thráthnóna' atá aigesean.

    ReplyDelete
  5. 'Mol an lá um thráthnóna.' Is maith liom gontacht an leagain sin.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.