Monday, April 5, 2010

Dícheangal agus Díchorda

Ní dóigh liom go bhfuil duine ná deoraí, thall ná abhus, nach bhfuil ar an eolas faoin méid atá ag titim amach san eaglais Chaitliceach i láthair na huaire, agus, go deimhin, faoin méid atá ag titim amach sna heaglaisí agus sna rialtais éagsúla ar fud an domhain.

Má bhíonn achrann ann, bíonn reiligiún agus rialtas lárnach ann go minic, agus, bíonn na meáin ann; na nuachtáin, teilifís, raidió; tráchtairí ag roinnt scéalta linn, ár ndearcadh ar a bhfuil ag tarlú ag brath ar a ndearcadh siúd, shílfeá.

Tá meáin eile ann, na leabhair as a mbíonn briathra á dtabhairt anuas go rialta, ag lucht na n-eaglaisí, ag daoine ar bhlaganna agus, nuair a fheileann sé dóibh, ag na meáin uile. Tagann na tuairimí, agus na tagairtí, chugainn ar aerthonnta agus ar thonnta inchinne, agus roinneann chuile dhuine a fhírinne féin linn, amhail is dá mba aigesean amháin atá an fhírinne cheart, b’fhéidir.

Feictear dom, thar na blianta, go bhfuil meascán daoine ann; daoine a chreideann gach a léann siad; daoine a chreideann roinnt den mhéid a léann siad; daoine nach gcreideann a dhath a léann siad; daoine a chreideann cibé rud as na meáin éagsúla a fheileann dóibh féin, agus is ar an rud sin a dhíreoidh siad a mbriathra, na briathra sin á roinntear linne, lucht na linne seo, gan stad gan staonadh.

Fágann na scéalta a chloistear agus a léitear na laethanta seo, fágann siad ár laethanta dorcha, shílfeá, mar a bheadh scamaill thiubha dhubha os ár gcionn, gan ach gile an dóchais ár gcoinneáil ón ngruaim. Nó, b’fhéidir gur mar sin atá, gur mar sin a bheas, anois agus go huair ár mbáis.

Tá daoine ag léamh go fial as ‘fírinne’ a staire, agus tá dícheangal agus díchorda ar fud an domhain. Sin í an fhírinne, shílfeá.
.

4 comments:

  1. Is deacair teacht ar an fhírinne glan. Deir an seanfhocal go bhfuil dhá taobh ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán. Sílim anois go bhfuil oiread leaganacha ar scéal agus atá daoine bainteach leis, agus é thar a bheith deacair teacht ar croí na ceiste. Feictear dom fosta go bhfuil go leor de na meáin ag díriú ar na mothúcháin seachas an intinn.

    ReplyDelete
  2. Fáilte ar ais, a Aonghuis!

    Táim ag léamh chuile thaobh de chuile scéal i láthair na huaire, idir rialtas agus reiligiún. Leis an fhírinne a rá, tá sé deacair theacht ar an fhírinne ghlan, a chara.

    ReplyDelete
  3. Nach maíonn na hiarnua-aoisithe, a Áine, nach bhfuil a leithéid de rud ann agus an fhírinne cibé ar bith, ach an iliomad fírinní ag castáil agus ag caismirt lena chéile. Is cuimhin liom abairt amháin agus smaointiú amháin ó Salman Rushdie (agus an fáth gur cuimhin liom an smaointiú amháin seo uaidh nár gurb é seo an t-aon líne amháin dá chuid a léigh mé le mo bheo)... scríobh sé 'Throughout human history, the apostles of purity, those who have claimed to possess a total explanation, have wreaked havoc on the rest of us mere mixed up human beings'. Nach aige a bhí an ceart!!

    ReplyDelete
  4. Dar m'fhírinne, is dóigh liom go bhfuil fianaise na bhfocal sin uaidh le fáil i stair chiníocha an domhain, a Sheáin!

    An bhfuil a fhios agat ach cuireann sé iontas ormsa an dóigh a nglacann daoine ar fud an domhain, fir agus mná Caitliceacha na tíre seo ina measc, feictear domsa, le creideamh nach dtugann comhionannas do mhná, nó an é nach miste leo go bhfuil dlíthe ag an eaglais a mhaíonn nach féidir le mná bheith ina sagairt? Agus, cén fáth nach féidir le mná bheith ina sagairt?

    Is é an smaoineamh a ritheann liom, go minic, dá mbeadh dlí san eaglais sin a déarfadh nach raibh cead ag an bhfear gorm/bhfear taistil, mar shampla, bheith ina shagart, an mbeadh sé sin inghlactha, nó fiú, an gceadódh rialtas na tíre seo é? Nó, an é nach bhfuil dlíthe na tíre seo in ann dul i ngleic leis an rud atá, de réir dlíthe comhionannais na tíre seo, chomh fada agus is eol dom, mídhleathach? Nó, an é nach bhfuil sé mídhleathach ar chor ar bith?

    Nó, an é nach mbaineann dlíthe na tíre le dlíthe reiligiún ar bith atá ag feidhmiú sa tír seo?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.