Wednesday, April 28, 2010

Dead Sure!

Tharla sé go raibh mé ag breathnú ar an nuacht ar an teilifís anocht ar RTÉ. Bhí athoscailt an Dead Zoo faoi chaibidil acu, agus bhí tuairisceoir RTÉ ag siúl thart ar an zú, ag labhairt leis na paistí éagsúla, páistí a bhí ar cuairt ar an áit den chéad uair, ba léir.

Cibé scéal é, tháinig an tuairisceoir ar bhuachaill agus ar chailín óg, iad ceithre bliana d’aois, nó mar sin. Bhí an bheirt acu ag breathnú isteach tríd an gcás gloine, áit ina raibh ainmhí marbh de shaghas éigin ina shuí, a shúile marbha buanoscailte ag breathnú amach orthu ón gcás, agus a fhiacla fíochmhara ag gobadh as béal buanoscailte, mar a bheadh sé ar tí duine acu a ionsaí.

‘Are you not afraid of him?’ a d’fhiafraigh an tuairisceoir, go faiteach, mar dhea.

Bhreathnaigh an buachaill beag ina treo, chuir aghaidh chiallmhar thuisceanach air féin, agus thosaigh sé ag míniú don tuairisceoir nach raibh gá ar bith lena himní mar, dar leis,

He’s in this glass case, you see, and he can’t get out to get you.’

‘Really!’ arsa an tuairisceoir, an chuma uirthi go raibh sí iontach sásta an dea-scéal sin a chloisteáil.

Tháinig dreach mífhoighneach ar aghaidh an chailín bhig, cailín a bhí ina seasamh, go dtí sin, go socair ciúin ag éisteacht leis an míniú a tugadh agus, ar fhaitíos go raibh aon mhíthuiscint ná amhras fós ann faoi chontúirt ón ainmhí, is dócha, thiontaigh sí i dtreo an tuairisceora agus dúirt, i nguth fíorasach,

‘And he’s dead!
.

4 comments:

  1. Amach as béal leanaí....

    (Ní doígh liom ghur máthair [fós] í an tuairisceoir!)

    Táimse ag tnúth go mór le deis m'iníon a bhreith liom ann. Bhaineadh na leaids an tairbhe as.

    ReplyDelete
  2. Cuireann sé scéal in aigne dom a d'inis múinteoir dom faoi chigire a bhí sa scoil. Bhí na páistí ag tarraingt pictiúirí agus d'iarr an cigire ar chailín amháin céard a bhí á tharraingt aici. "Dia" a dúirt sí. "Bhuel níl fhios ag éinne cén cuma atá ar Dhia", arsa an cigire. "Bhuel, beidh i gceann cúpla nóiméad", a d'fhreagair an chailín!

    ReplyDelete
  3. Mar a deirtear anseo: Kindes Mund tut Wahrheit kund.

    Fógraíonn béal linbh an fhírinne.


    Agus is iomaí duine a bhí thíos leis!

    ReplyDelete
  4. Cá mbeadh muid gan páistí an tsaoil!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.