Wednesday, April 28, 2010

Croch Suas na Hang Ups

Léigh mé ar maidin go bhfuil Mae Sexton ag bogadh ó dheis go clé, í ag fágáil slán ag na PD’s agus ag crochadh a cóta anois ar chrochán Pháirtí an Lucht Oibre.

Níl a fhios agam an bhfuil an ceart ag Mae Sexton nó nach bhfuil, ach is maith liom an méid seo uaithi, líne a léigh mé ar shuíomh an Indo ar maidin:

I really never held dear to any particular philosophical ideology. I believe the wastage, the recklessness, the greed that occurred, has everybody re-thinking what they believe in,"

Bhí mé ag éisteacht leis an ‘same old, same old’ ag teacht ó bhéal Martin Mansergh agus Pat Rabbitte ar Tonight with Vincent Browne aréir, an mantra céanna acusan agus atá, feictear dom, ag na polaiteoirí uilig, an ‘party line’ á shiúl acu an uile, gan stad gan staonadh; an ‘party line’ á athbhualadh acu inár dtreo, arís is arís eile, shílfeá, gan athrú suntasach meoin le tabhairt faoi deara agam ó fhormhór na bpolaiteoirí, cé go bhfuil athrú ollmhór tagtha ar staid na tíre.

Is é an smaoineamh a rith liom ar maidin, agus focail Mae Sexton á léamh agam, gurb é an trua nach ndéanann gach polaiteoir sa tír seo an rud ceannann céanna, beagán ‘re-thinking’ of ‘what they believe in’ a dhéanamh, ar mhaithe leis an tír, seachas bheith de shíor ag mantráil go mantach ar mhaithe le páirtí.

Maidir leis na pinsin sin atá á gcur go leataobh le lá nó dhó, ritheann na focail ‘push’, ‘shove’ agus ‘domino effect’ liom.

Ach sin mise, mé beagán tinn tuirseach den lot acu ar maidin, a léitheoirí, rud nach bhfuil féaráilte, i ndáiríre, mar go bhfuil polaiteoirí maithe ina measc, is dóigh liom.

Sin mo rámhaille curtha díom agam anois. Aiféala orm faoi sin. Bainigí sult as an lá.
.

4 comments:

  1. Ha! Bíodh cupán mór tae agat, a Áine, múch an raidió agus téigh amach sa ghairdín! Cuireann athrá agus rí-rá na bpolaiteoirí fonn múisce orm.

    ReplyDelete
  2. Caife ólta, a John, siúl siúilte, racht rite...;-)

    ReplyDelete
  3. Mae Sexton? Níl aithne agam ach ar Mae West - a dúirt:

    "Bhainfinn triail as rud ar bith uair amháin, dhá uair má thaitníonn sé liom, trí uair chun a bheith cinnte de."

    ReplyDelete
  4. Dúirt si go leor, ach is maith liom féin an ceann seo, ó tharla scéal Mae Sexton faoi chaibidil agam inniu:

    'A dame that knows the ropes isn't likely to get tied up.'

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.