Friday, April 23, 2010

Comhairle na Cumhachta

Anois, a fheara, tá a fhios agam go bhfuil sibh ann a cheapann go bhfuil na rialacha uile ar eolas agaibh, go bhfuil sé uilig léite agaibh ó na leabhair éagsúla, agus go bhfuil an fhírinne agaibhse, agus agaibhse amháin; más é sin do chás, seans nach dtabharfaidh tú aird dá laghad ar a bhfuilim ag dul ag roinnt leat anois. Amadán ar a chosa an té a thabharfadh neamhaird ar Chomhairle na Cumhachta…

...Ach, más rud go bhfuil tú ag iarraidh íde na muc is na madraí a sheachaint, más rud go nglacann tú leis go bhfuil cumhacht níos airde ann, cumhacht ar féidir léi bheith níos fíochmhaire ná mar atá léite agat in aon leabhar go dtí seo, cumhacht le greim daingean aici ar do chinniúint, ansin, mholfainn duit breathnú ar an bhfíseán seo, agus an ceacht atá ann a fhoghlaim de ghlan mheabhair, mar nach bhfaighidh tú é in aon leabhar a scríobhadh riamh.

Glac leis an teachtaireacht, agus beidh síocháin shíoraí linn uilig.
.

7 comments:

  1. Greann dóite, ach ana ghreannmhar. Ach fírinne tríd.

    ReplyDelete
  2. Ach nach aisteach an rud é gur comhlacht seodóireachta a chum.... Diamonds are a girls best friend?

    ReplyDelete
  3. Úúúúú! A leithéid d'úafás. Tromluí amach is amach. Ní bheidh mé ábalta codhladh socair a fháil anocht.

    ReplyDelete
  4. Ar feadh tamall de bhlianta ní raibh bean sa teach againn. Bhí ceathrar de mhuirear orm agus b’éigean dom a iarraidh orthu cuid den ualach a iompar, rud a rinne. Gach seachtain bhí a cúram féin ag gach duine díobh. Na héadaigh a ní, cócaireacht shimplí a fhoghlaim, an folúsghlantóir a úsáid, na gréithe a ní is a thriomú agus nithe eile dá sórt. Agus iad dulta, ina nduine is ina nduine go dtí an ollscoil, b’ionadh leo nach raibh pioc de na scileanna sin ag formhór a gcomhscoláirí. Go deimhin bhí daoine ann a sheol a gcuid éadaí smálaithe abhaile tríd an bpost gach seachtain. Agus iad go léir pósta, tharla ó uair go chéile go raibh ar ár gcumas bailiú le chéile um Nollaig agus thug muid faoi deara gur chomhoibrigh gach duine díobh lena gcéilí: ag tabhairt aire do na leanaí, ag réiteach béilí agus ag ní éadaí. Ní raibh súil agam go mbeadh a leithéid de dhea-thoradh ar an traenáil sin a thug mé dóibh. Ach bhí agus an-áthas orm dá bharr. Ní i dTeach an Mhadra a bheidh éinne díobh.

    ReplyDelete
  5. @ 'comhlacht seodóireachta'

    Níor thug mé é sin faoi deara gur luaigh tú é, a Aonghuis! Maidir le 'diamonds', is luachmhaire barróg...

    Míshásta bocht...)-:

    Maith thú, a SheáinO...:-)

    ReplyDelete
  6. Thug mé siosúr leictreach mar bhronntanas Nollag do mo bhean blianta ó shin. Ní tharlóidh a leithéid arís. Luath nó mall tagann ciall!

    ReplyDelete
  7. Is foghlaimeoirí muid uile, a chara...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.