Monday, April 19, 2010

Bunúdar agus Bunreacht

A bhuí le Dennis, léigh mé na scéalta seo sa National Catholic Reporter aréir. Tá codladh na hoíche ar shiúl uaim le lá nó dhó, agus bím ag rútáil thart ar fud an idirlín, mé go fánach ar thóir eolais fhánaigh, ar fhaitíos go dtarlódh a dhath i ngan fhios dom, an dtuigeann sibh.

Cibé scéal é, sílim go bhfuil am seo na scéalta scaoilteacha scoilteacha crua go leor ar dhaoine cráifeacha; sa chás seo, na daoine sin atá dílis don eaglais Chaitliceach. Fiú mura n-aontaíonn tú leis an reiligiún ar leith sin, agus fiú más fuath leat na scéalta uafásacha sin atá de shíor ag teacht chun solais na laethanta seo, tá daoine uaisle ann a chreideann sa reiligiún sin, agus is trua liom a gcurtrí chéile.

Tá aithne agam ar go leor daoine, cairde liom san áireamh, atá dílis don eaglais Chaitliceach, agus atá buartha faoin méid atá ag teacht ó na meáin éagsúla, agus atá buartha, freisin, faoin méid nach bhfuil ag teacht ón eaglais, ceapaim.

Cé go mbíonn creideamh cuid de mo chairde, in amanna, rud beag, sórt ‘a-la-carte’, mar a déarfá, is daoine maithe iad, daoine nach ndéanfadh dochar d’fhear, do bhean ná d’ainmhí, creidim. Glacann siadsan liomsa mar a ghlacaimse leo, sé sin le rá, glacann muid, le meas, leis na nithe sin atá éagsúil eadrainn. Tagann ár gcairdeas slán as an meas sin, agus maireann sé ar na nithe sin nach bhfuil éagsúil eadrainn, má thuigeann sibh libh mé.

Le déanaí, agus mise á gceistiú faoi nósanna na heaglaise Caitlicí, an nós sin nach ligean do mhná bheith ina sagairt, mar shampla, feictear dom go nglacann a bhformhór acu leis na nósanna sin, mar, dar leo, ‘it is what we were brought up with.’

Ar ndóigh, tá a fhios agam go bhfuil go leor rudaí ‘we were brought up with’ ann, cuid mhór acu a d’athraigh thar na blianta. Ní dochar gur tharla cuid de na hathruithe, cé go ndearna cuid eile acu dochar, b’fhéidir, ag brath ar do dhearcadh. Mar sin féin, is léir go bhfuil daoine fós ag maireachtáil leis na nithe sin ‘we were brought up with’, le nósanna eaglaise, agus le nósanna sochaí ina bhfuil/ina raibh ionchur nach beag ag na heaglaisí sa tír seo, agus i go leor tíortha eile, seans.

Bhuel, ó tharla go dtarraingíonn scéal amháin scéal eile, agus ó tharla mé ag rútáil liom ar shuíomh idirlín an Irish Times aréir, chonaic mé na focail seo ó Eamon Gilmore, focail a tháinig uaidh ag Comhdháil a pháirtí, an Lucht Oibre, ag an deireadh seachtaine:

It is time, in my view, for a fundamental review of our Constitution. There is much about the Constitution that has served us well, but it is a document written in the 1930s for the 1930s,” he said. “A time when one church was considered to have a special position, and women were considered to be second-class citizens.”

Anois, sin smaoineamh suimiúil, arsa mise liom féin. Tá an saol ag athrú, agus seans, dá réir sin, gur féidir a rá go bhfuil meon na ndaoine ag athrú leis.

B’fhéidir gurbh fhearr bunreacht na tíre a athrú, freisin, le go dtitfeadh sé isteach leis na hathruithe i sochaí na tíre; ach na hathruithe sin a dhéanamh, más féidir é ar chor ar bith, le meas againn ar na nithe sin atá éagsúil eadrainn, agus iad a chur i bhfeidhm ar dhóigh ina mbeimid uile in ann maireachtáil taobh istigh de chóras a aithníonn ár n-éagsúlachtaí, ach a thaispeánann meas dúinn uile.
.

3 comments:

  1. Bhí plé forleathan ar an mbunreacht an uair úd. B'fhiú an phlé sin a bheith ann arís. Cosúil le rud ar bith eile, más sliogán folamh an bunreacht cionn is nach bhfuil smaointe na ndaoine ar aon dul leis, is mó dochair ná cabhair atá ann. Sílim áfach, ach athrú friotail a chuir san áireamh, go bhfuil na bunsmaointe ann fós uasal, agus fós fiúntach. Tá sé éasca nath anseo is ansiúd a phiocadh as, agus cuma chúngaigeanta a chuir air. Ach má chuirtear i comparáid leis an tréimhse inár scríobadh é é, is iontach daonlathach agus daonnach an cáipéis é.

    ReplyDelete
  2. Níl aon ghá le hathruithe má dhéanann sibh mar a dhéantar an seo le déanaí. Ní chuirtear aon nath inár mbunreacht...

    ReplyDelete
  3. Tá an saol ag athrú, a fheara, agus caithfear athrú leis, rud beag, b'fhéidir, ó am go chéile...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.