Thursday, April 22, 2010

Beans ag na Smedias 2010

An cuimhin libh mo scéal faoi Beans anuraidh? Bhuel, tháinig scéal eile chugam inniu gur éirigh le Beans duais a bhaint ag na Smedias aréir:

'Leiriuchain Teilifise i nGaeilge - Faisnéis & Drámaíocht
WINNER: Danny MacEachmharcaigh - Beans - Acadamh na hOllsocilaiochta Gaeilge'


Wú húúúúúúúúúúú!

Bronntar an duais ar 'the best Drama or Documentary Television Production in the Irish language.', agus tá áthas an domhain orm gur éirigh chomh maith sin le Beans.

Tugann na Smedias aitheantas don obair iontach a dhéanann scoláirí na meán ar fud na tíre.

Comhghairdeas ó chroí le Danny MacEachmharcaigh agus a chomhghleacaithe as Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair.

Maith sibh uile!
.

4 comments:

  1. Bhí gearrscéal dom ainmnithe i gcóir duais Smedia blianta ó shin agus Brendan O'Connor i gceannas ar an ócáid. Dar leis: "They say everyone has a story in them, but for some it's shorter than others". Níor thaitin an fear sin liom riamh!

    ReplyDelete
  2. Aisteach go leor, is maith liomsa é, a John, ach tá fhios agam go mbíonn na quips sin uaidh searbh go maith, in amanna...:-)

    ReplyDelete
  3. Nuair a chonaic mé an focal "beans" ar dtús cheap mé gurbh í an nua-Ghaeilge nua-shimplithe don fhocal "mná" a bhí ann! ;-)

    ReplyDelete
  4. Tá sé le feiceáil anseo, más mean leat súil a chaitheamh ar na 'mná' nua-Ghaeilge nua-shimplithe sin, a Ormondo...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.