Tuesday, April 20, 2010

Banbholcáin!

Ó sea! Sin é ceart go leor! Nach maith a bhí a fhios agam go dtiocfadh sibhse, a fheara, ar bhealach éigin leis an milleáin a chur orainne.

Gabh mo leithscéal anois, ach tá orm imeacht agus mo chóid mhorálta a léamh, ar fhaitíos go bhfuil damáiste á dhéanamh agam, i ngan fhios dom féin, an dtuigeann sibh. Sea.
.

6 comments:

  1. Hmm.

    Má deir fear baoth amháin rud baoth .. is iad na fir tré chéile is ciontsiocair leis?

    ReplyDelete
  2. Ní dóigh liom go bhfuil siad uilig baoth, a Aonghuis - corr, ahem, ceann anseo agus ansiúd, b'fhéidir...;-)

    ReplyDelete
  3. Is í Pele an bandia na mbolcán i Hawai‘i. Tá sí fíochmhar!

    ReplyDelete
  4. Ní raibh fonn orm é a rá, ach ar a laghad tuigeann sibh anois.

    ReplyDelete
  5. Aargh. Thosaigh mé le “an bandia atá i bhfeighil na mbolcán” im intinn agus ansin d'athraigh mé an abairt -- ar mhaithe le gontacht, cad eile? -- agus d'fhág mé an chéad alt mar a raibh sé. Aargh.

    ReplyDelete
  6. Bhí píosa ar chlár Gerry Ryan faoin ábhar seo inniu, agus is eisean a tharraing m'aird ar an ngiota sa pháipéar.

    Más buan mo chuimhne, chinn formhór na n-éisteoirí gur rud baineann í/é bolcán, cé go raibh mná ar an gclár a dúirt gur rud fireann é gan dabht, ó tharla go mbíonn fir de shíor ag 'blowing smoke!'

    Ní raibh fonn orm é a rá ach...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.