Ó sea! Sin é ceart go leor! Nach maith a bhí a fhios agam go dtiocfadh sibhse, a fheara, ar bhealach éigin leis an milleáin a chur orainne.
Gabh mo leithscéal anois, ach tá orm imeacht agus mo chóid mhorálta a léamh, ar fhaitíos go bhfuil damáiste á dhéanamh agam, i ngan fhios dom féin, an dtuigeann sibh. Sea.
.
Snámh don Phalaistín
15 hours ago
Hmm.
ReplyDeleteMá deir fear baoth amháin rud baoth .. is iad na fir tré chéile is ciontsiocair leis?
Ní dóigh liom go bhfuil siad uilig baoth, a Aonghuis - corr, ahem, ceann anseo agus ansiúd, b'fhéidir...;-)
ReplyDeleteIs í Pele an bandia na mbolcán i Hawai‘i. Tá sí fíochmhar!
ReplyDeleteNí raibh fonn orm é a rá, ach ar a laghad tuigeann sibh anois.
ReplyDeleteAargh. Thosaigh mé le “an bandia atá i bhfeighil na mbolcán” im intinn agus ansin d'athraigh mé an abairt -- ar mhaithe le gontacht, cad eile? -- agus d'fhág mé an chéad alt mar a raibh sé. Aargh.
ReplyDeleteBhí píosa ar chlár Gerry Ryan faoin ábhar seo inniu, agus is eisean a tharraing m'aird ar an ngiota sa pháipéar.
ReplyDeleteMás buan mo chuimhne, chinn formhór na n-éisteoirí gur rud baineann í/é bolcán, cé go raibh mná ar an gclár a dúirt gur rud fireann é gan dabht, ó tharla go mbíonn fir de shíor ag 'blowing smoke!'
Ní raibh fonn orm é a rá ach...